Siúlscéalaí

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is éard is siúlscéalaí[1][2] ann ná trasghlacadóir láimhe, is é sin tarchuradóir agus glacadóir raidió (raidió dhá threo) atá iniompartha. Ar dtús forbraíodh na siúlscéalaithe le haghaidh saighdiúirí go gairid roimh an Dara Cogadh Domhanda, agus luaitear na hinnealtóirí Al Gross agus Henryk Magnuski leis an siúlscéalaí mar aireagán, chomh maith le foireann innealtóireachta an ghnólachta úd Motorola. Bhí na chéad siúlscéalaithe míleata in úsáid ag saighdiúirí cos-slua, ach ansin cruthaíodh cineálacha speisialta siúlscéalaithe le haghaidh airtléire agus tancanna. I ndiaidh an chogaidh chuaigh na siúlscéalaithe i bhfairsinge taobh amuigh de na fórsaí armtha, go háirithe i measc lucht slándála poiblí, lucht tógála agus lucht oibre eile.

Tá an focal Gaeilge úd siúlscéalaí bunaithe ar walkie-talkie an Bhéarla. An chéad siúlscéalaí a raibh an téarma sin ag tagairt dó ba é Motorola SCR-300 é, ach ní fhéadfá é a iompar sa lámh: bhí sé suite i mála droma. Sa bhliain 1940 a tógadh an chéad siúlscéalaí den chineál seo. Bliain ina dhiaidh sin tháinig an chéad siúlscéalaí sa chiall cheart ar an bhfód, mar atá, Motorola SCR-536. Handie-Talkie an téarma a cheap an comhlacht don ghléas seo, ach sa deireadh bhí na saighdiúirí Meiriceánacha sásta an téarma walkie-talkie a úsáid agus iad ag trácht ar an ngléas seo.

Tá callaire agus micreafón sa siúlscéalaí chomh maith le haeróg, agus an t-iomlán cosúil le sás láimhe an teileafóin (ó na laethanta roimh theacht na nguthán siúil). Raidió déthreo atá ann go bunúsach, agus is gléas cumarsáide den chineál leathdhéphléascach é, is é sin, tá sé curtha ag glacadh comhartha ón taobh amuigh agus tú ag éisteacht, ach má theastaíonn uait rud éigin a rá leis an duine eile, caithfidh tú cnaipe an mhicreafóin a bhrú, agus a fhad is a bheidh tú á bhrú, ní bheidh an callaire ag obair.

Úsáidtear siúlscéalaithe inniu féin ach is ar éigean a d'fheicfeá aon duine ar an tsráid ag labhairt i siúlscéalaí, ós rud é go bhfuil na gutháin siúil (na fóin phóca) chomh coitianta ar na saolta seo. Tabhair faoi deara nach bhfuil criptiúchán ar bith ag obair sna siúlscéalaithe: aon duine atá ag éisteacht leis an mbealach raidió atá tú a úsáid cloisfidh sé an rud atá tú a rá.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]