Sherlock Holmes

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Sherlock Holmes le Sidney Paget (1904)

Is bleachtaire ficseanúil é Sherlock Holmes a chruthaigh Arthur Conan Doyle. Cónaíonn sé i Londain agus tá de cháil air a bheith loighciúil agus eolaíochtúil.[1]

Scríobh Conan Doyle faoi Holmes i gceithre leabar agus caoga sé gearrscéal. An chéad scéal ná A Study in Scarlet i rith na bliana 1887. Chomh maith leis sin, scríobh an t-údar The Sign of Four, A Scandal in Bohemia agus The Valley of Fear.

Carachtar eile is ea Dr. John Watson, lóisteoir a chónaíonn le Holmes, agus is é atá an insint na scéalta i roinnt cásanna.

Beathaisnéis[athraigh | edit source]

Rugadh é sa bhliain 1854 agus is as Londain do Holmes. D’fhreastail sé ar ollscoil agus shocraigh sé go mbeadh sé ina bleachtaireacht mar bhí scileanna tátal air. Bhí dearthair amháin ar Holmes – Mycroft. Is stáitseirbhíseach é do an rialtas i Sasana.

D’aistrigh sé chuig 221B Baker Street, i Londain, leis an Dr. John Watson. Nuair a tháinig Watson isteach ina shaol, thosaigh siad ag obair le chéile. Cabhraíonn Watson Holmes leis a chuid oibre agus a chuid imscrúdaithe. Breacainn sé síos a chuid nótaí agus a achoimrí.

Fiosríonn Holmes cásanna do na políní agus maireann sé a shaol thart ar a oibre. Úsáideann sé tátal leis cruthú agus eolaíocht. Bhí clú agus cáil mar a loighic. Is féídir leis scracfhéachaint a thabhairt ar rud is an anailís chruinn a dhéanamh beo.

Nuair a bíonn sé ag oibre úsáideann sé modhanna eile, mar shampla, ceil, arma agus ealaín oscartha. Chomh mhaith le sin, bíonn eolas fairsing ag Holmes.

Aistriúcháin[athraigh | edit source]

  • Cú na mBaskerville (The Hound of the Baskervilles), aistrithe ag Nioclás Tóibín, le léaráidí ag Sidney Paget, is curtha ineagar ag Aibhistín Ó Duibh foilsithe sa bhliain 2012 ag Evertype. Foilsíodh sa bhliain 1934 an t-aistriúchán Gaeilge seo de a rinne Nioclás Tóibín. Tá Sir Charles Baskerville, mionuasal de chuid Devon Shasana, tar éis bás a fháil gan choinne agus dealraíonn sé gurb é an scanradh a chuir cú ábhalmhór scáfar air a thug a bhás. Creideann roinnt dá chomharsana seanscéal a deir nach ainmhí saolta an madra céanna, ach cú diabhlaí aníos ó ifreann a thaithíonn riasc sceirdiúil contúirteach na dúiche agus atá ar tí dhíobháil mhuintir Baskerville le fada. Faoi Sherlock Holmes agus an Dochtúir Watson atá sé a thaispeáint cén sórt ainmhí go fírinneach an cú agus féachaint chuige san am céanna nach ndéantar aon díobháil do Sir Henry Baskerville, mac dearthár agus oidhre Sir Charles, atá tagtha chun cónaithe in Halla Baskerville chun a oidhreacht a éileamh. Dar le go leor léirmheastóirí go bhfuil Cú na mBasker­ville ar an scéal is fearr de scéalta Sherlock Holmes agus níl aon amhras ach go bhfuil sé ar cheann de na scéalta bleachtaireachta is iomráití dár scríobhadh riamh.

Tagairtí[athraigh | edit source]