Nioclás Tóibín (scríbhneoir)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaNioclás Tóibín
Beathaisnéis
Breith1890
Bás16 Meitheamh 1977
86/87 bliana d'aois
Gníomhaíocht
Gairmscríbhneoir, múinteoir Cuir in eagar ar Wikidata

Scríbhneoir agus aistritheoir Gaeilge ó na Déise ab ea Nioclás Tóibín a saolaíodh i nGaeltacht na Rinne, Contae Phort Láirge, 28 Samhain 1890 agus a d'éag ar an 21 Iúil 1966.[1] D'fhoghlaim sé léamh agus scríobh na teanga ó Phádraig Ó Cadhla, timire de chuid Chonradh na Gaeilge a bhí i gceannas ar dhream foghlaimeoirí a tháinig chun na Rinne nuair a bhí Nioclás timpeall ar dhá bhliain déag d'aois. Chuir sé saint i bhfoghlaim agus nuair a cuireadh Coláiste na Rinne ar bun, bhí Nioclás ar an gcéad duine a fuair meánoideachas ansin agus, b'fhéidir, ar an gcéad duine riamh a fuair meánoideachas nua-aimseartha as Gaeilge.

Ina fhear óg dó bhí sé ina oide cúnta i Mainistir Fhear Maí. Ina dhiaidh sin bhain sé amach dintiúirí an mhúinteora ó choláiste i mBaile Átha Cliath. Níor chaith sé ach bliain ag múineadh scoile, agus ina dhiaidh sin chuaigh sé ag timireacht don Chonradh. Sa bhliain 1922 phós sé a bhean, Siobhán Jennings, agus rinne sé iarracht post múinteora a fháil arís. B'éigean dó dul i mbunn pinn go lánaimseartha nuair nach bhfuair sé an post a bhí geallta dó. Bhí sé ar na daoine ba bhisiúla ag scríbhneoireacht i nGaeilge agus ag aistritheoireacht go Gaeilge, agus cuireadh an locht air go raibh sé róbhisiúil le bheith in ann dea-Ghaeilge a sholáthar.

Is é an bunleabhar is tábhachtaí dár tháinig óna pheann ná an t-úrscéal úd An Rábaire Bán. Maidir leis na haistriúcháin, chuir sé Gaeilge ar shaothar le scríbhneoirí ó Arthur Conan Doyle (Cú na mBaskerville) go Louisa May Alcott (Mná Beaga). Bhí sé ina cheoltóir agus ina bhailitheoir amhrán fosta. Na hamhráin a bhreac sé síos ó fhonnadóirí a fhód dúchais tháinig siad i gcló faoin teideal Duanaire Déiseach dhá bhliain déag i ndiaidh a bháis.

Ba nia dó an t-amhránaí sean-nóis Nioclás Tóibín.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]