Sewall Wright

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Géineolaí is staitisteoir a rugadh i Melrose, Massachusetts ab ea Sewall Wright (1889-1988). Bhraith sé athruithe randamacha i minicíochtaí géinte, agus mhol gur féidir go gcailltear nó go ndeisítear ailléil trí sheans, seachas roghnú nádúrtha. Tugtar deascadh géiniteach (iarmhairt Sewall Wright) air seo. Cáineadh é ar dtús, ach glactar leis anois ar bhealach.