Roghnú nádúrtha

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Crann na beatha

Is próiseas neamhrandamach é an roghnú nádúrtha ina thagann tréithe oidhreachtúla chun tosaigh i bpobal, mar fheidhm atáirgthe difreálaigh na n-orgánach. Is meicníocht lárnach den éabhlóid í.

Féadfaidh an éagsúlacht ghéiniteach laistigh de phobal de orgánaigh bheith ina chúis le haonáin an speicis maireachtáil agus atáirgeadh níos fearr ná a chéile. Tá na fachtóirí a théann i bhfeidhm ar phróiseas an atáirgthe tábhachtach freisin, ceist a d'fhorbair Charles Darwin ina smaointe ar an roghnú gnéasach.


Gníomhaíonn an roghnú nádúrtha ar an bhfeinitíopa, nó saintréithe inbhraite an orgánaigh, ach éireoidh an bunús géiniteach (tréith inoidhreachta), d'aon fheinitíopa a thugann buntáiste atáirgthe, níos coitianta i bpobal (féach ailléilmhinicíocht). Le himeacht ama, is féidir go mbeadh oiriúnuithe mar thoradh ar an phróiseas seo, a gnóthaíonn speisialtóirí sa phobal le haghaidh neideoige éiceolaí ar leith agus d'fhéadfadh, i ndeireadh na dála, go n-éireodh speiceas nua as. I bhfocail eile, tá an roghnú nádúrtha ina phróiseas tábhachtach (cé nach é an t-aonú phróiseas amháin ata ann) ina théann an éabhlóid ar aghaidh istigh sna horgánaigh. I gcomparáid leis an roghnú saorga, ina roghnaíonn an cine daonna tréithe sainiúla, gníomhaíonn an roghnú nádúrtha ar an dtimpeallacht, mar chriathar trínar féidir athruithe áirithe faoi leith dul tríd.


Tá an roghnú nádúrtha ar cheann de phrionsabail bhunúsacha na bitheolaíochta nua-aimseartha. Thug Darwin an téarma isteach ina leabhar ag a raibh mórthionchar, sa bhliain 1859 On the Origin of Species, inar cuireadh síos ar an roghnú nádúrtha ar aon dul leis an roghnú saorga, próiseas trína roghnaíonn póraitheoirí daonna go rianúil ainmhithe agus plandaí le haghaidh síolraithe, toisc go measann siad go bhfuil tréithe inmhianaithe acu. Forbraíodh coincheap an roghnaithe nádúrtha ar dtús in éagmais teoiric bailí na hoidhreachtúlachta; nuair a chéad scríobh Darwin, ní raibh eolas ar bith ann faoin ngéineolaíocht nua-aimseartha. Tugtar an tsintéis éabhlóideach nua-aimseartha ar chomhcheangal na héabhlóide traidisiúnta Darwineach leis na bhfionnachtana a tharla ina dhiaidh sin sa ghéineolaíocht chlasaiceach agus mhóilíneach. Is éard an roghnú nádúrtha an míniú príomhúil le haghaidh na héabhlóide oiriúnaithí.

Prionsabail ghinearálta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ainmníocht agus úsáid[cuir in eagar | athraigh foinse]

Oiriúnacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cineálacha roghnúcháin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Roghnú gnéasach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Samplaí den roghnú nádúrtha[cuir in eagar | athraigh foinse]