Oiriúnú

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Na próisis ceartaithe a tharlaíonn d'orgánach ar leith de réir cúinsí a chomhshaoil. Is féidir go dtarlóidh sé trí roghnú nádurtha, agus buaineadas is rath atáirgthe feabhsaithe dá bharr, nó go dtarlóidh athruithe fiseolaíocha nó iompair nach bhfuil géiniteach. Úsáidtear an téarma céanna do thoradh na bpróiseas seo, is é sin aon airí struchtúrtha, iompair nó fiseolaíoch a fheabhsaíonn a bhuaineadas is/nó a rath atáirgthe.