Senchineoil

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Seanchineál (Sean-Ghaeilge Senchineoil) b'ainm do luath lonnaitheoirí, b'fhéidir réamh-Ghaelacha, suite i lár agus oirthear Chontae na Gaillimhe agus deisceart Chontae Ros Comáin, Éire.

Luath dreamanna agus ríochtaí na hÉireann, c. 800

Achoimre[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba é Senchineoil (Seanchineál) an t-ainm a thugadh muintir Uí Mhaine ar aitheachtuatha – daorchineálacha – a chur siad faoi chois i mbun a ríocht a bhunú, am éigin roimh an 5ú haois AD. Deirtear gurbh iad:

Seanchinéal de sheanmhaigh na Soghan
sínte siar thar an Suca
gur sroicheadh Dealbhna Dealbhaoith
cróga na dea-laochra, mar lasair."

Ní fios cén t-ainm a ghlaodh an Seanchineál orthu féin, nó fiú dá mba as Gaeilis iad. Cian d'Fhearaibh Bolg ba ea a dtaoiseach aitheanta deireanach.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]