Seamaí

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Gabharantalóp ó dheisceart na hEorpa a tugadh isteach don Nua-Shéalainn. Donn le paistí mílítheacha ar an aghaidh nó an muineál, na hadharca gearr is na barra camtha ar gcúl. Áitríonn sé sléibhte achrannacha. Bhaintí feidhm as a chraiceann tráth chun leathar seamaí a dhéanamh, ach faightear é seo ó ghabhair is caoirigh anois.