Scaibeas

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Planda ilbhliantúil a fhásann 70 cm ar airde, dúchasach don Eoraip, iarthar na hÁise is tuaisceart na hAfraice. Na duilleoga maothánach cleiteach i bpéirí urchomhaireacha. Na bláthanna scothghorm/ liathchorcra le 5 phiotal éagothroma, i gcinn 1.5-3.5 cm ar leithead. Bíonn na bláthanna timpeall fleasc an chinn le peitil níos mó ná sin sa lár. Saothraítear é mar mhaisiúchán.