Samson (naomh)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaSamson

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breithc. 490 (Féilire Ghréagóra)
Sir Forgannwg Cuir in eagar ar Wikidata
Bás28 Iúil 565 (Féilire Ghréagóra)
74/75 bliana d'aois
Dol-de-Bretagne Cuir in eagar ar Wikidata
Easpag
Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmsagart Cuir in eagar ar Wikidata
Mac/iníon léinn de chuidIlltud agus Dubricius
TeangachaBéarla
Ardú
Lá féile18 Iúil Cuir in eagar ar Wikidata

Ba naomh Cornach é Samson (a rugadh c. deireadh an 5ú haois) a áirítear freisin i measc na seacht naomh bunaidh sa Bhriotáin le Peulin, Tugdual nó Tudwal, Briog, Malo, Padarn agus Kaourintin. Rugadh i ndeisceart na Breataine Bige é, agus fuair sé bás i nDol, baile beag i dtuaisceart na Briotáine

Saolréim[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is í an phríomhfhoinse dá bheathaisnéis ná an Vita Sancti Samsonis, a scríobhadh am éigin idir 610 CR agus 820 CR agus atá bunaithe gan amhras ar ábhair níos luaithe.[1] Tugtar sonraí úsáideacha ann faoi theagmhálacha idir lucht eaglaise sa Bhreatain, in Éirinn agus sa Bhriotáin.

Mac le Amon ó Dhemetia agus Anna ó Gwent ab ea Samson. mac Amon óThiarnas Dyfed agus Anna ó Thiarnas Gwent ba ea Samson. Phós deartháir a athar deirfiúr a mháthar ionas go raibh a mac Maglor ina chol ceathrar le Samson faoi dhó. De bharr tairngreachta maidir lena bhreith chuir a thuismitheoirí faoi chúram Illtud, abb Llantwit Fawr, áit ar tógadh agus ar cuireadh oideachas air.[2]

Níos déanaí, d'iarr Samson beatha dhian ní ba mhó ná mar a chuir a scoil ar fáil, agus mar sin bhog sé go dtí teach iníon Llantwit, an mhainistir ar<i>Ynys Bŷr</i> amach ó chósta Dyfed (Sir Benfro), sa Bhreatain Bheag, áit ar rinneadh abb dó tar éis bás an aba Pŷr. Staon Samson ón alcól – murab ionann agus Pyr, a maraíodh nuair a thit sé síos tobar agus é ar meisce. Mar coenobium, agus ina dhiaidh sin ina dhíthreabhach, thaistil sé ó Ynys Bŷr go hÉirinn, áit a ndeirtear gur bhunaigh sé nó gur athbheochan sé mainistir.

Tá dáta amháin áirithe taifeadta de shaol Samson; gur oirníodh an tEaspag Dubricius é ina easpag [2] ar Fhéile Chathaoir Naomh Peadar (22 Feabhra) ag tús an Charghais, agus is féidir a mheas gur tharla sin sa bhliain 521 CR. Más rud é, mar is gnách, go raibh sé 35 bliain d'aois ag an am sin, bheadh sé sa bhliain 486 a rugadh é.

Trascholún an Aba Samson ag Séipéal Naomh Illtud, Llantwit

Bhí Iolo Morganwg freagrach as athfhionnachtain Cholún Samson ag Eaglais Naomh Illtud, Llantwit, timpeall na bliana 1789,[3] ach chuir staraithe níos déanaí drochmheas ar a mholadh gur chuir Samson féin suas é agus rochtain acu ar fhoinsí scríofa níos iontaofa. Sa 20ú haois, áfach, chaith staidéir ghinealais a thuilleadh solais ar an ábhar, agus measann go leor anois go bhfuil an colún "ar cheann de na séadchomharthaí Críostaí inscríofa is sine sa Bhreatain".[4]

Níos déanaí thaistil sé go Corn na Breataine (áit ar bhunaigh sé pobal i <i>Bre Dheghow</i> nó <i>Golnans</i>), ansin sna Scillí (áit a bhfuil oileán Samson ainmnithe as), Guernsey mar a bhfuil sé ina Phátrún agus sa Bhriotáin, áit ar bhunaigh sé an mhainistir Dol.[2] D'eagraigh sé

ncoinnealbhá an Rí Konomor agus d'éirigh leis achainí a dhéanamh ar an rí Meirvínseach Childebert I ar son Judael, mac coimhthithe Konomor.(c. 540-60). Tá sé taifeadta gur fhreastail sé ar chomhairle i bPáras am éigin idir 556 agus 573, agus faoin am sin bheadh sé sean. Cuireadh é lena chol ceathrair Magloire in ardeaglais Dol.

Fuair an Rí Angla-Shacsanach Athelstan (r. 924–939) roinnt iarsmaí de Samson, lena n-áirítear géag láimhe agus bachal, a thaisc sé ag a mhainistir ag Milton Abbas i nDorset.[5]

Mairtíreach Rómhánach[cuir in eagar | athraigh foinse]

In eagrán 2004 de Martyrologium Romanum na hEaglaise Caitlicí, tá Samson liostaithe faoi 28 Iúil. Luaitear mar seo a leanas é: "Ag Dol sa Bhriotáin (d'éag) Samson, abb agus easpag, tar éis dó an Soiscéal agus smacht mainistreach sa Bhreatain Bheag a fhoghlaim ó Illtud, do scaipeadh iad seo i Domnonée ." [6] Níl sé le feiceáil i bhféilire liotúirgeach na naomh Caitliceach reatha a cheiliúrtar go bliantúil sa Bhreatain Bheag.[7]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Beannaithe Julian Maunoir, "Apostle of Brittany"
  • Séipéal Naomh Samson, Cricklade
  • Eaglais Naomh Samson, Golant
  • Saint Sampson, Geansaí

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Flobert, Pierre (tr. & ed.) (1997) La Vie ancienne de saint Samson de Dol. Paris: CNRS ISBN 2-271-05386-2
  2. 2.0 2.1 2.2 Huddleston, Gilbert. "St. Samson." The Catholic Encyclopedia. Vol. 13. New York: Robert Appleton Company, 1912. 27 Feb. 2013
  3. Iolo Morganwg: the Stonemason
  4. Iolo Morganwg: Vale of Glamorgan Trail, published by Vale of Glamorgan Council, n.d.
  5. Farmer (2011). "The Oxford Dictionary of Saints" (5th ed.). Oxford University Press. ISBN 9780199596607. 
  6. Martyrologium Romanum, 2004, Vatican Press (Typis Vaticanis), page 419.
  7. National Calendar for Wales, accessed 8 February 2012