Robert Mugabe
| Robert Gabriel Mugabe | |
|
2ú Uachtarán na Siombáibe
|
|
| In oifig 31 Nollaig 1987 - inniu |
|
| Réamhtheachtaí: | Canaan Banana |
| Comharba: | (i seilbh oifige) |
|
1ú Príomhaire na Siombáibe
|
|
| In oifig 18 Aibreán 1980 – 31 Nollaig 1987 |
|
|
|
|
| Dáta breithe | 21 Feabhra 1924 |
| Salisbury, An Róidéis | |
| Páirtí | ZANU-PF |
| Céile | Sally Hayfron (éagtha) Grace Marufu |
| Síniú |
|
Is ceann rialtais na Siombáibe é Robert Gabriel Mugabe (a rugadh i Harare ar 21 Feabhra, 1924), ó 1980 go dtí an lá atá inniu ann. Bhí sé ina phríomh-aire ar dtús, agus ina uachtarán níos déanaí.
Cuireann cuid mhór anailíseoirí i leith Mugabe gur deachtóir é, ach tá tacaíocht láidir aige fós ina thír fhéin agus san Afraic. Tá an ráta boilscithe is measa ar domhan ag an tSiombáib faoi láthair agus tá an geilleagar ag titim as a chéile. Tá an páirtí freasúra, an Movement for Democratic Change nó MDC á cur faoi chois go rialta ag póilíní an stáit. Fuair ceannaire an pháirtí siúd, Morgan Tsvangirai, buaileadh trom ó na póilíní at 11 Márta 2007. Dúirt easpaig Caitliceacha na tíre gur réimeas ciníoch, éillitheach agus aindleathach é rialtas Mugabe.
Bhuaigh Tsvangirai toghchán na huachtarántachta ar 29 Márta 2008 ach ní raibh móramh sách mór aige le dul i gcomharbacht ar Mugabe de réir na dtorthaí (a thóg 5 seachtain le foilsiú). De réir na rialacha bhí gá le toghchán eile idir na beirte. Rinneadh ionsaí ar Tsvangirai agus a lucht leanúna san idirlinn agus d'fhógair sé ar 22 Meitheamh go raibh sé ag éirí as an toghcháin ar mhaithe le sábháilteacht a lucht leanúna. Ritheadh an toghchán dá uireasa ar 27 Meitheamh agus atoghadh Mugabe mar uachtarán.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.