Robert McClure

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Robert McClure

Taiscéalaí a rugadh i Loch Garman ab ea Sir Robert John le Mesurier McClure (21 Meán Fómhair 180726 Samhain 1873). Captaen ar long de chuid thuras Artach Franklin i 1850, a thaisteal ó oirthear Cheanada chun an Bealach Siar ó Thuaidh a aimsiú. D'éirigh lena long Oileán Banks a bhaint amach, ach ansin bhí sí reoite san oighear ar feadh dhá bhliain. Tharrtháil long eile a tháinig aniar an criú, agus d'fhill siad siar. Bhain McClure Sasana amach arís sa bhliain 1854. Mar sin, ba é an chéad duine a thaisteal an Bealach Siar ó Thuaidh.