Robert Betts Laughlin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Fisicí a rugadh i Vesalia, California is ea Robert Betts Laughlin (1950-). Le Horst Störmer is Daniel Tsui, bhuaigh sé Duais Nobel sa bhfisic i 1998 as foirm nua leachta candamaí le saghas nua cuasacháithníní, cumtha as leictreoin is guairneáin mhicreascópacha mhaighnéadacha, agus róil aici in iarmhairt chodánach Hall, héiliam leachtach, agus forsheoltóirí.