Rivaldo

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is peileadóir sacair é Rivaldo Vítor Borba Ferreira, nó Rivaldo de ghnáth (rugadh 19 Aibreán, 1972 i bPaulista, i Pernambuco, sa Bhrasaíl). Dála peileadóirí Brasaíleacha eile (m.sh. Pelé, Romário, agus Ronaldo), is fearr aithne air le aon ainm amháin. Ionsaitheoir lár páirce a bhíonn ann de ghnáth. D'imir sé le roinnt clubann sa Bhrasail, sa Spáinn agus in Angóla. Is le Mogi Mirim sa Bhrasaíl atá sé ag obair faoi láthair (2014).

Thosaigh Rivaldo ag imirt sacair go hóg, agus sa bhliain 199 d’imir sé le club den chéad uair, mar atá le Paulista i São Paulo. Bhí sé ar an fhoireann sacair Bhrasaíleach sna Cluichí Oilimpeacha in Atlanta sna Stáit Aontaithe sa bhliain 1996 mar a bhfuair na Brasaíligh an bonn cré-umha sa chomórtas úd.

Fuair FC Barcelona sa bhliain 1997 le áit Ronaldo, imreoir Brasaíleach eile, a bhí i ndiaidh aistriú ó FC Barcelona go foireann eile, a líonadh. D’éirigh go maith le Rivaldo i mBarcelona: bhain an fhoireann Corn Shraithchomórtas na Spáinne amach i 1997 agus arís i 1999. Ba Rivaldo an duine ba mhó pointí ar an fhoireann sna blianta 1997 agus 1998.

Bhí ról tábhachtach ag Rivaldo ar fhoirne náisiúnta na Brasaíle freisin, mar shampla i gcomórtais Chorn Sacair an Domhain (1998) agus Chorn Mheiriceá (1999). D’ainmnigh FIFA sa bhliain 1999 mar Imreoir na Bliana é.

D’imir Rivaldo seal le AC Milano (2002-03), le Cruzeiros sa Bhrasaíl (2004), agus ag tosnú sa bhliain 2004 le hOlympiacos, agus ansin le AEK. Aithin (an dá fhoireann seo sa Ghréig). Sa bhliain 2008, thug Rivaldo a aghaidh ar an Úisbéiceastáin mar ar imir sé le club Bunyodkor (a thug 10 milliún euro air). D’aistrigh Rivaldo ar ais go dtí a thír dhúchais sa bhliain 2010 mar ar imir sé le São Paulo. Sa bhliain 2012, tá sé ag imirt do Kabuscorp in Angóla.