Risteard I Shasana
Bhí Risteard I nó Risteard Leonchroí (8 Meán Fómhair 1157 – 6 Aibreán 1199) mar ab fhearr aithne air, ina rí ar Shasana agus ina cheannaire ar an Impireacht Ainsivíneach ó 6 Iúil 1189 go lá a bháis. Tháinig sé i gcomharbacht ar a athair, Anraí II.
Bhí cáil na calmachta air, agus chaith sé tamall fada ag troid sna Crosáidí.
Bás
[cuir in eagar | athraigh foinse]Fuair Risteard bás agus é ag cur caisleáin faoi léigear, gar do Limoges sa Fhrainc. Buaileadh le saighead crosbhogha é idir a mhuineál agus a ghualainn chlé agus tháinig morgadh ar an gcneá.[1]
Sula bhfuair sé bás, d'iarr sé ar a oifigigh gan an fear óg (nó "buachaill') a scaoil an tsaighead a chrochadh nuair a bheadh deireadh leis an léigear, toisc go raibh meas aige ar urchar an fhir ar éirigh leis an rí a bhualadh. Cé gur comhlíonadh mian Risteaird nach gcrochfaí an saighdeoir a bhí i gceist, níor éirigh leis an bhfear féin teacht slán agus maraíodh é trí fheannadh i ndeireadh na dála.
Comharbacht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tháinig deartháir níos óige leis, Eoin I, i gcomharbacht air.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Medievalists.net (2012-11-22). "The Strange Death of Richard the Lionhearted" (en-US). Medievalists.net. Dáta rochtana: 2022-04-06.
- ↑ "Fontevraud Abbey" (as en) (2022-02-05). Wikipedia.