Raymond Óg Davis

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Ceimicí is réaltfhisicí a rugadh i Washington, DC ab ea Raymond Óg Davis (1914-2006). D'fhorbair sé an chéad turgnamh chun neoidríonónna a bhrath le humar mór sreabháin thirimghlanta go domhain i mianach. D'imoibrigh na neoidríonna le clóirín sa sreabhán chun argón radaighníomhach a dhéanamh, agus bhí sé in ann meath an argóin seo a bhrath. Le Masatoshi Koshiba is Riccardo Giacconi, bhuaigh sé Duais Nobel sa bhfisic as seo i 2002.