Raithneach ríúil

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Raithneach ilbhliantúil le ríosóim thiubha a dhéanann tortáin mhóra. Dúchasach d'áiteanna fliucha seascannacha ar fud na réigiún measartha. Fásann na froinn suas le 3 m ar airde agus bíonn siad dédhuilleach. Iompraíonn na froinn thorthúla, le duilleoigíní beaga uachtaracha, cuid mhaith spóragán donn.