Radaíocht sincreatróin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

X-radaíocht a astaíonn na cáithníní luchtaithe is iad á luasghéarú timpeall an tsincreatróin. Díreach cósúil le luchtanna leictreacha a astaíonn radaíocht leictreamaighnéadach is iad á luasghéarú, astaíonn na cáithníní luchtaithe atá ag taisteal i gciorcal radaíocht. Ar dtús, ba mhíbhuntáiste do luasghéaraitheoirí an t-astú seo, mar bhí an radaíocht baolach do dhaoine sa chomharsanacht muna raibh cosaint ar an meaisín. Ach de bhrí gur féidir léis gheala chaola chomhlínithe X-radaíochta le bandaleithid éagsúla a fháil ach an luasghéarú a rialú, is fíoráisiúil an X-radaíocht seo i gcomhair taighde ar ábhar soladach is córais bhitheolaíocha trí dhíraonadh, micreascópacht is speictreascópacht X-ghathach.