Rúnaí (éan)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Éan mór creiche a chónaíonn ar an talamh, dúchasach don Afraic Theas. Na cosa fada, cosúil le cosa croise. Cíor mhíshlachtmhar cleití fada ar an gceann, cosúil le pinn taobh thiar de chluas rúnaí. Áitríonn sé talamh féaraigh, agus itheann ainmhithe beaga a chónaíonn ar talamh. Siúlann sé suas le 30 km sa lá. Éitlíonn sé go hard san aer, agus neadaíonn i gcrainn.