Rónán Mac Con Iomaire

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaRónán Mac Con Iomaire
Beathaisnéis
Breith2 Eanáir 1975
49 bliana d'aois
Gaillimh, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Chathair Bhaile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmscríbhneoir, láithreoir Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
AthairTomás Mac Con Iomaire

Is é Rónán Mac Con Iomaire (a rugadh 2 Eanáir 1975) Stiúrthóir Forbartha Réigiúnaí, Pobail agus Pleanála Teanga Údarás na Gaeltachta, ceann de na poist is sinsearaí in Údarás na Gaeltachta.[1] Is iad na príomhchúraimí atá luaite leis an bpost ná an phleanáil teanga a fhorbairt, an fhorbairt réigiúnach, an fhorbairt fiontraíochta, an fhorbairt chultúrtha, forbairt an gheilleagair shóisialta agus an fhorbairt pobail.[2]

Gairm[cuir in eagar | athraigh foinse]

Iar-iriseoir le TG4 agus iar-leascheannaire ar RTÉ Raidió na Gaeltachta (2011-2014) é Rónán Mac Con Iomaire, ar ceapadh ina Ghrúpcheannasaí Gaeilge ar RTÉ é in 2014.[3]

Údar[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is é údar Rocky Ros Muc, an leabhar mór-ráchairte faoi shaol an dornálaí Gaeltachta Seán Ó Mainnín.[4] Is leabhar é faoin dornalaí Gaeltachta, Seán Ó Mainnín, a throid i gCraobh an Domhain i Nua-Eabhrac i gcoinne Mike McCallum in 1982. Bronnadh duais i gComórtas na Scríbhneoirí Úra, Oireachtas na Gaeilge, ar Rónán Mac Con Iomaire dá shaothar.[5]

Pearsanta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh agus tógadh Mac Con Iomaire le Gaeilge sa nGaeltacht agus tá sé ina chónaí ar an gCeathrú Rua. Is é a athair Tomás Mac Con Iomaire, léiritheoir raidió agus iriseoir Gaeilge.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Ronán Mac Con Iomaire (2022). "An dóchas an t-aon seans atá ag an nGaeilge mar is beag duine a mheallfar síos bóithrín an bháis" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-02-01.
  2. "Ceann de na poist is sinsearaí in Údarás na Gaeltachta faighte ag Grúpcheannasaí Gaeilge RTÉ" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-02-01.
  3. Rónán Mac Con Iomaire, - agallamh ar Youtube (10 Feabhra 2015). "FÍSEÁN: Agallamh le Rónán Mac Con Iomaire, Grúpcheannasaí Gaeilge RTÉ" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-02-01.
  4. Pádraic Ó Ciardha (22 Meitheamh 2018). "‘Irish’ Micky Ward le leagan Béarla Rocky Ros Muc a sheoladh i mBostún amárach" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-02-01.
  5. "Buaiteoirí Chomórtais Liteartha Oireachtas na Gaeilge fógartha < Meon Eile". www.meoneile.ie. Dáta rochtana: 2023-02-01.