Réaltán Ní Leannáin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaRéaltán Ní Leannáin

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith1960
63/64 bliana d'aois
Béal Feirste, Northern Ireland Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmscríbhneoir, léachtóir Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath
Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghaeilge

Rugadh Réaltán Ní Leannáin i mBéal Feirste, agus chaith sí a hóige agus a déaga ann le linn na seascaidí agus na seachtóidí. Tá cónaí uirthi faoi láthair i mBaile Átha Cliath.

Thosaigh Réaltán ag teagasc Gaeilge agus Spáinnise i scoileanna dara leibhéal sna hochtóidí. Tá tréimhsí caite aici ar fud na Spáinne agus tá taithí aici ar go leor de na teangacha éagsúla a labhraítear ann. Bhog sí as sin go dtí an t-oideachas tríú leibhéal, ag léachtóireacht san oideachas i gColáiste na Tríonóide agus in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath. Chuaigh sí as sin go hOllscoil na Banríona, Béal Feirste.

Le linn di bheith ag léachtóireacht in Ollscoil na Banríona tháinig ailse uirthi. Sháraigh sí an deacracht seo, áfach, agus tá sí ag scríobh ó bhí 2007 ann. Tá cnuasach filíochta foilsithe aici, Turas Ailse (2011), bunaithe ar an eispéaras seo. Déanann sí blagáil ar ailse[1] agus ar ghnéithe eile dá saol agus déanann sí léirmheasanna ar leabhair nua-fhoilsithe.[2] Déanann sí tvuíteáil freisin.[3]

Sa bhliain 2015 d’fhoilsigh Cló Iar-Chonnacht a cnuasach gearrscéalta, Dílis,[4] radharc neamhthrócaireach ó thaobh na mban de ar an saol. Bhí an-rachairt air, agus chothaigh sé conspóid lena pheirspeictíocht dhiongbháilte.

Is í Réaltán an chéad scríbhneoir Éireannach le bheith roghnaithe ag Foras na Gaeilge don tionscadal idirnáisiúnta scríbhneoireachta Focail Eile. Is clár comhpháirtíochta é Focail Eile idir eagraíochtaí cultúrtha ar fud na hEorpa agus é mar aidhm aige líonra de shocrúcháin chruthaitheacha a chur ar bun do scríbhneoirí Eorpacha i mionteangacha agus i dteangacha mionlaigh.

Foilseacháin[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • "An páiste deiridh" (2012) in An Guth 7 (Rody Gorman, eagarthóir), Coiscéim, dán.
  • Turas ailse (2011) Coiscéim, cnuasach filíochta
  • "Aerfort" (in Dílis), téacs molta ag NCCA don chéad bhliain TS nua
  • "An Cor nach gCastar," dráma raidió, (Raidió na Life), léirithe in 2018  
  • "Watching," splancfhicsean, The Incubator, Issue 13, August 2017
  • "Doors," gearrscéal, The Incubator, Issue 14, December 2017
  • "Bongú," sliocht as novella, in An tUltach, Cáisc 2016
  • "Impirí," gearrscéal, in An tUltach, Nollaig 2015
  • "Teas," gearrscéal, in Comhar, Deireadh Fómhair 2015  
  • "Clic," gearrscéal, in Feasta, Márta 2014

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "turas amháin" (en-GB). turasailse.blogspot.ie. Dáta rochtana: 2020-11-02.
  2. Réaltán Ní Leannáin (2016-12-06). "Fataí na Filíochta". banba. Dáta rochtana: 2020-11-02.
  3. "https://twitter.com/realtannil" (ga). Twitter. Dáta rochtana: 2020-11-02.
  4. "Leabhar gearrscéalta le Réaltán Ní Leannáin - Dílis | CIC". www.cic.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-09-28. Dáta rochtana: 2020-11-02.