Publius Quinctilius Varus

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Varus clóite (2003) (Gearmáinis:Der gescheiterte Varus ), dealbhóireacht le Wilfried Koch i Haltern am See, An Ghearmáin.

Polaiteoir Rómhánach agus ginearál faoin Impire Ágastas (Laidin: Augustus) ba ea Publius Quinctilius Varus (46 RC i gCremona, Poblacht na Róimhe- 9 AD sa Ghermania agus den chuid is mó meabhraítear air toisc gur chaill sé trí léigiún Rómhánach agus a shaol féin nuair a d'ionsaigh an ceannaire Gearmánach Arminius é, i gCath Fhoraois Teutoburg.