Próinséas Ní Chatháin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaPróinséas Ní Chatháin
Beathaisnéis
Breith1936
Bás24 Samhain 2018
81/82 bliana d'aois
Gníomhaíocht
Gairmacadóir Cuir in eagar ar Wikidata

Scoláire agus foclóirí Gaeilge ab ea (Máire) Próinséas Ní Chatháin (1936 – 24 Samhain 2018), a chuir go mór le príomhfhoclóir na Sean-Ghaeilge agus na Meán-Ghaeilge (Dictionary of the Irish Language) faoi scáth Acadamh Ríoga na hÉireann. Bhí post aici mar Ollamh le Gaeilge Luath agus Gaeilge na Meánaoise sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath.[1]

Rinne Ní Chatháin a cuid staidéir i gColáiste na hOllscoile Gaillimh (Ollscoil na hÉireann Gaillimh anois) faoi stiúir Kathleen Mulchrone, áit ar bronnadh BA uirthi (1956). Fuair sí Scoláireacht Taistil ó Ollscoil na hÉireann chun staidéar a dhéanamh i mBonn na Gearmáine, agus ansin d'fhreastail sí ar Ollscoil Dhún Éideann áit ar bhain sí PhD amach sa bhliain 1966.[2] Bhí sí ina Scoláire i Scoil an Léinn Cheiltigh in Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath idir 1962 agus 1965, agus cúig bliana is fiche ina dhiaidh sin, shuigh sí ar bhord rialaithe na Scoile sin (1987–88).[3]

Thosaigh sí ar a gairm múinteoireachta mar léachtóir cuartaíochta in Ollscoil Pennsylvania, agus ina dhiaidh sin, sa bhliain 1967, ghlac sí le post i Roinn na Sean-Ghaeilge sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, áit ar fuair sí ardú céime ó léachtóir cúnta go hollamh le linn na fiche bliain ina dhiaidh sin. Bhunaigh sí M.Phil. idirdhisciplíneach i gcomhar leis an staraí an tOllamh Francis John Byrne, agus níos déanaí bhí baint aici le bunú cúrsa fochéime ar Shibhialtacht na gCeilteach.[4]

Bhí sí ina hUachtarán ar Chumann Ríoga Ársaíochta na hÉireann ó 1997 go 2000.[5] In 2002 foilsíodh festschrift ina honóir dar teideal Ogma: essays in Celtic Studies in honour of Próinséas Ní Chatháin, arna chur in eagar ag iar-chomhghleacaithe dá cuid, Michael Richter agus Jean-Michel Picard.[6]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Murray (2019). "In memoriam Máire Próinséas Ní Chatháin (1936–2018)". Éigse: A Journal of Irish Studies 40: 414–17. National University of Ireland. 
  2. Doherty (2018). "Lives Remembered". Journal of the Royal Society of Antiquaries of Ireland 148: 148–150. 
  3. "Council and Governing Boards as at 31/12/1987". Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath.
  4. Doherty (2018). "Lives Remembered". Journal of the Royal Society of Antiquaries of Ireland 148: 148–150. Doherty, Charles (2018). "Lives Remembered". Journal of the Royal Society of Antiquaries of Ireland. 148: 148–150.
  5. "Past Presidents of the RSAI". Royal Society of Antiquaries of Ireland.
  6. "Ogma: essays in Celtic studies in honour of Próinséas Ní Chatháin" (2002). Baile Átha Cliath: Four Courts.