Polainéis na Fraince

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bratach
Tauna, oileán sna Gambier, i bPolainéis na Fraince
Mná in Taihítí, t. 1870idí

Críoch thar lear de chuid na Fraince is ea Polainéis na Fraince. Collectivité d'outre-mer (COM) a thugtar air i bhFraincis go hoifigiúil, nó “comhchoitiantacht thar lear” i nGaeilge. Tá sí suite i ndeisceart an Aigéin Chiúin, timpeall ar 6,000 km soir ón Astráil. Tá 5 oileánra ann ina bhfuil 118 oileán san iomlán, 67 díobh áitrithe. Is iad na hoileánraí ná Oileáin an Chumainn (íles de la Société), Oileáin du Vent agus Oileáin Sous-le-Vent, Oileánra Tuamatú (l’archipel des Tuamotu), Oileánra Gambier (l’archipel des Gambier), agus na hOileáin Mharcasacha. Is é Pape'ete, in Taihítí, in Oileáin an Chumainn, an phríomhchathair, agus is é Fa'a'ā an chathair is mó. Bhí 268,270 duine ina gcónaí i bPolainéis na Fraince sa bhliain 2012.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]