Pape'ete

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Pape'ete taobh na farraige
Suíomh Pape'ete in Taítí

Príomhchathair Pholainéis na Fraince is ea PapeetePape'ete i dTaihítis. "Común" (commune i bhFraincis) atá i gceist, i ndáiríre, ach cónaíonn agus oibríonn formhór na ndaoine sa bhaile mhór féin. Tá Pape'ete suite in iarthuaisceart Taihítí, in Oileáin an Chumainn. Tá an chuid is mó d'oifigí riaracháin Pholainéis na Fraince ansin, chomh maith leis an chuid is tábhachtaí d'fhostruchtúir eacnamaíoch na tíre úd. Tá calafort measartha mór ann. Tá común Fa'a'ā, an baile is mó sa tír, lámh le común Pape'ete. Fuarthas 133,627 duine ina gcónaí i gceantar uirbeach Pape'ete agus Fa'a'ā sa daonáireamh i mí Lúnasa na bliana 2012. Bhí 25,769 duine ina gcónaí i bPapeete féin.

Rugadh breis is 12% de dhaonra Pape'ete sa Fhrainc. Tháinig timpeall is 15,000 duine ó na hoileáin eile. Deir 16.5% de na daoine gurb í an Taihítis an phríomhtheanga a labhraíonn siad sa bhaile i gcoinne 79.7% a labhraíonn Fraincis an chuid is mó den am. Tá eolas éigin ag 80.5% de na daoine ar theanga Pholainéiseach.

Radharc ón aer ar chalafort Pape'ete