Poetry Ireland Review/Éigse Éireann
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Maíonn Éigse Éireann gurb éard atá inti cuntas buan ar fhilíocht chomhaimseartha na hÉireann. Iris ráithiúil í a fhoilsíonn dánta le filí nua agus filí aitheanta ó Éirinn agus ó thíortha eile. Tá idir Bhéarla agus Ghaeilge le fáil inti.
Ceaptar eagarthóir nua tar éis gach ceithre eagrán nó ocht n-eagrán chun úire agus brí a choinneáil san iris.
Tá eolas san iris ar léamha filíochta, ar chomórtais (agus comórtais mhór idirnáisiúnta san áireamh), ar fhéilte agus ar ailt. Léirmheasanna ar leabhair mhaithe a ligeadh i ndearmad atá le fáil i gcuid ar leith de shuíomh na hirise.
Féach freisin [athraigh]
- Innti (Iris filíochta eile)
Naisc [athraigh]
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.