Innti

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de publicacions periòdiquesInnti
Cineáliris liteartha
Cárta innéacs
Teangaan Ghaeilge
Am tosaigh1970 Cuir in eagar ar Wikidata
Tréith
Príomhábharfilíocht Éirinneach
EagarthóirMichael Davitt Cuir in eagar ar Wikidata

Iris filíochta Gaeilge ab ea Innti, ina raibh véarsaíocht, aistí critice, léirmheasanna agus ealaín fhísiúil.

Gluaiseacht liteartha a bhí ann chomh maith, agus is iad Nuala Ní Dhomhnaill, Liam Ó Muirthile, Michael Davitt, Gabriel Rosenstock is mó a shamhlaítear léi. Bhí baint ag Louis de Paor leis an iris tar éis a hathbheoite.

Déantar tagairt dóibh go minic mar an grúpa Innti, a raibh an tiomantas céanna acu d'athnuachan fhilíocht na Gaeilge ó fhoinsí éagsúla cultúir sna 1960idí agus 1970idí.

Coláiste na hOllscoile, Corcaigh
Gabriel Rosenstock

Gluaiseacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Díreach ar nós Sheáin Uí Ríordáin rompu, bhí filí Innti ag iarraidh talamh nua a bhriseadh. Bhí dúil acu i bhfilí beat Meiriceánacha mar Jack Kerouac agus Allen Ginsberg agus fiú amháin in amhránaithe mar Bob Dylan. Theastaigh uathu an fhilíocht a thabhairt amach as an leabharlann agus an seomra plúchta léachta. Ba mhinic iad ag léamh a gcuid dánta ag ócáidí poiblí agus slua mór daoine i láthair, slua chomh mór le 1000 duine ag ceann amháin acu.[1]

Iris[cuir in eagar | athraigh foinse]

Mic léinn ó UCC a bhunaigh an iris Innti i Márta 1970 mar mhórbhileog filíochta, agus d'athbhunaigh Michael Davitt é mar iris sa bhliain 1980, ar dhuine de na comhbhunaitheoirí bunaidh a bhí ann.

Chabhraigh an iris le haird an phobail a tharraingt ar obair scata filí óga a raibh baint acu leis an ollscoil.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. cogg.ie / Antain Mac Lochlainn, Siuán Ní Mhaonaigh (2019). "Dúchas / Gaeilge na Sraithe Sóisearaí (T1)". Dáta rochtana: 2024.