Philip Warren Anderson

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Philip Anderson

Fisicí a saolaíodh in Indianapolis, Indiana is ea Philip Warren Anderson a rugadh ar 13 Nollaig 1923. Rinne sé taighde bunúsach ar sháinniú leictreoin in ábhar ar mí-eagar, obair a d'oscail an bealach do ghrianchealla, trasraitheoirí scannáin thanaí, is xéaragrafaíocht. Chuidigh sé i míniú iamhairt Josephson, na forshilteachta is an mhaighnéadais. I gcomhar le John van Vleck is Nevill Mott, bhuaigh sé Duais Nobel sa bhfisic i 1977 as a staidéar bunúsach teoiriciúil ar struchtúr leictreonach córas maighnéadach is córas ar mí-eagar.