John Hasbrouck Van Vleck

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Fisicí a saolaíodh i Middletown, Connecticut ab ea John Hasbrouck Van Vleck (1899-1980). Bhunaigh sé teoiric nua-aoiseach an mhaighnéadais, bunaithe ar an teoiric chandamach. Shaothraigh sé teoiric iompar maighnéadach criostal. Scríobh sé an leabhar clasaiceach The Theory of Electric and Magnetic Susceptibilities (Teoiric na So-Ghabháltachtaí Leictreacha is Maighnéadacha, 1932) agus tugadh athair an mhaighnéadais nua-aoisigh air. Le Philip Anderson is Nevil Mott, bhuaigh sé Duais Nobel sa bhfisic i 1977 as a staidéir bhunúsacha theoiriciúla ar struchtúr leictreonach córas maighnéadach is córas ar mhí-eagar.