Philip Pettit

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaPhilip Pettit

Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(en) Philip Noel Pettit
Beathaisnéis
Breith1945
78/79 bliana d'aois
Béal Átha Ghártha, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil na Banríona, Béal Feirste Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga dhúchaisBéarla
Gníomhaíocht
Suíomh oibre Princeton Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmfealsamh, múinteoir ollscoile, eolaí polaitiúil Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirOllscoil Náisiúnta na hAstráile, distinguished professor (en) Aistrigh (2013–)
Ollscoil Princeton (2002–)
Ollscoil Náisiúnta na hAstráile
Ollscoil Princeton Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
GluaiseachtEthical naturalism (en) Aistrigh
TeangachaBéarla
Ghlac sé/sí páirt i
13 Samhain 2019Public petition in favor of a political negotiation on Catalonia (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Saothar
Mac léinn dochtúireachtaMargaret Chapman, Lara Marie Buchak, Soo Jin Suzie Kim, John Peter DiIulio, David Zuluaga Martinez, Benjamin Harris Ewing, Jake Zuehl agus David Braddon-Mitchell
Gradam a fuarthas

IMDB: nm11660033 iTunes: 451106014 Cuir in eagar ar Wikidata

Is fealsamh Éireannach agus teoiriceoir polaitiúil é Philip Noel Pettit (rugadh 1945). Is Ollamh Laurance S. Rockefeller le Polaitíocht agus Luachanna Daonna é in Ollscoil Princeton agus freisin ina Ollamh Oirirce le Fealsúnacht in Ollscoil Náisiúnta na hAstráile [1]

Oideachas agus gairme[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cuireadh oideachas ar Pettit i gColáiste Garbally, Ollscoil Náisiúnta na hÉireann, Maigh Nuad (BA, LPh, MA) agus Ollscoil na Banríona, Béal Feirste (PhD).

Bhí sé ina léachtóir i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, ina chomhalta taighde i Halla na Tríonóide, Cambridge, agus ina ollamh in Ollscoil Bradford.[2] Bhí sé ar feadh blianta fada ina chomhalta ollaimh i dteoiric shóisialta agus pholaitiúil i Scoil Taighde na nEolaíochtaí Sóisialta, Ollscoil Náisiúnta na hAstráile sular tháinig sé chun bheith ina Ollamh ar cuairt le Fealsúnacht in Ollscoil Columbia ar feadh cúig bliana, ansin bhog sé go Princeton.

Tá onóracha iomadúla faighte aige, lena n-áirítear dochtúireacht oinigh ó Ollscoil Náisiúnta na hÉireann. Bhí sé ina phríomhchainteoir ag Comhdháil na gCéimithe, Ollscoil Toronto.

Toghadh é ina Chomhalta d’ Acadamh Ealaíon agus Eolaíochtaí Mheiriceá in 2009,[3] agus ina Chomhalta Comhfhreagrach d’ Acadamh na Breataine in 2013.[4] Bhí sé ina Chomhalta Guggenheim freisin.[5]

Obair fhealsúnachta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cosnaíonn Pettit leagan den phoblachtánachas cathartha nó clasaiceach san fhealsúnacht pholaitiúil. Chuir a leabhar Republicanism: A Theory of Freedom and Government an bonn cirt bunúsach le haghaidh athchóirithe polaitiúla sa Spáinn faoi José Luis Rodríguez Zapatero. Thug Pettit mionchuntas ar a chaidreamh le Zapatero ina A Political Philosophy in Public Life: Civic Republicanism in Zapatero's Spain, a bhí comhscríofa le José Luis Martí.[6] Dar le Pettit gur minic a bhíonn na ceachtanna a foghlaimíodh agus tú ag smaoineamh ar fhadhbanna i réimse amháin den fhealsúnacht ina réitigh réamhdhéanta ar fhadhbanna a bhíonn le sárú i réimsí go hiomlán difriúil. Bíonn na tuairimí a chosnaíonn sé i bhfealsúnacht na hintinne mar bhun leis na réitigh a thairgeann sé ar fhadhbanna sa mheitafiseolaíocht faoi nádúr na saorthola, agus ar fhadhbanna i bhfealsúnacht na n-eolaíochtaí sóisialta, agus cruthaíonn siad seo na réitigh a sholáthraíonn sé ar fhadhbanna i bhfealsúnacht mhorálta agus i bhfealsúnacht pholaitiúil. Bhí a chorpais ina iomláine ina ábhar do shraith aistí criticiúla a foilsíodh in Common Minds: Themes from the Philosophy of Philip Pettit (Oxford University Press, 2007).[7]

Cleamhnachtaí agus onóracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Comhalta d’Acadamh Ealaíon agus Eolaíochtaí Mheiriceá (2009)[8]
  • Ball oinigh d’Acadamh Ríoga na hÉireann (2010)[9]
  • Comhalta Comhfhreagrach d’Acadamh na Breataine (2013)[10]
  • Comhalta d’Acadamh na nEolaíochtaí Sóisialta san Astráil (1987) [11]
  • Ball de choiste eolaíochta an Fundacion IDEAS [12]
  • Compánach d’Ord na hAstráile in Onóracha Breithlá na Banríona 2017 (An Astráil) [13]

Leabharliosta roghnaithe[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • The Concept of Structuralism: a Critical Analysis (1975)
  • Judging justice: an introduction to contemporary political philosophy (1980)
  • Rawls: 'A Theory of Justice' and its critics (1990) with Chandran Kukathas
  • The Common Mind; an essay on psychology, society and politics (1993)
  • Not Just Deserts. A Republican Theory of Criminal Justice (ISBN 978-0-19-824056-3) with John Braithwaite[14]
  • Republicanism: a theory of freedom and government (1997)
  • Three Methods of Ethics: a debate (1997) with Marcia Baron and Michael Slote
  • A Theory of Freedom: from psychology to the politics of agency (2001)
  • Rules, Reasons and Norms: selected essays (2002)
  • The Economy of Esteem: an essay on civil and political society (2004) with Geoffrey Brennan
  • Mind, Morality, and Explanation: Selected Collaborations (with Frank Jackson and Michael Smith) (Oxford University Press, 2004)
  • Made with Words: Hobbes on Language, Mind, and Politics (2007)
  • "Joining the Dots" in Common Minds: Themes from the Philosophy of Philip Pettit (2007) edited by Geoffrey Brennan, Robert E. Goodin, Frank Jackson and Michael Smith
  • A Political Philosophy in Public Life: Civic Republicanism in Zapatero's Spain (2010) with José Luis Martí
  • Group Agency: The Possibility, Design, and Status of Corporate Agents. (2011) with Christian List
  • On The People's Terms: A Republican Theory and Model of Democracy. (2012)
  • Just Freedom: A Moral Compass for a Complex World. (2015)
  • The Robust Demands of the Good: Ethics with Attachment, Virtue, and Respect. (2015)

Caibidlí i leabhair[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Pettit, Philip (2004), "The common good", in Dowding, Keith; Pateman, Carole; Goodin, Robert E. (eds.), Justice and democracy: essays for Brian Barry, Cambridge New York: Cambridge University Press, pp. 25–39, ISBN 9780521836951.
  • Pettit, Philip (2009), "Freedom in the spirit of Sen", in Morris, Christopher (ed.), Amartya Sen, Cambridge New York: Cambridge University Press, pp. 91–114, ISBN 9780521618069

Tuilleadh léitheoireachta[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Dimova-Cookson, Maria (2012), "Republicanism, philosophy of freedom, and the history of ideas: an interview with Philip Pettit.", in Browning, Gary; Dimova-Cookson, Maria; Prokhovnik, Raia (eds.), Dialogues with contemporary political theorists, Houndsmill, Basingstoke, Hampshire New York: Palgrave Macmillan, pp. 155–169, ISBN 9780230303058

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. https://www.princeton.edu/~ppettit/
  2. http://www.cato-unbound.org/contributors/philip-pettit
  3. https://www.princeton.edu/main/news/archive/S24/02/44G04/index.xml
  4. http://www.britac.ac.uk/fellowship/elections/index.cfm?member=24674
  5. http://www.gf.org/fellows/16844-philip-pettit}}[nasc briste go buan]
  6. The reading list. http://www.tampereclub.org/Marti_Pettit_New%20Statesman.pdf Curtha i gcartlann 2021-07-20 ar an Wayback Machine
  7. "Common Minds - Geoffrey Brennan; Robert Goodin; Frank Jackson; Michael Smith - Oxford University Press". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2012-10-19. Dáta rochtana: 2021-02-27.
  8. "Five named to American Academy of Arts and Sciences".
  9. https://www.ria.ie/news-(1)/royal-irish-academy-honours-top-academics.aspx[nasc briste go buan]
  10. "Archived copy".
  11. "Fellos List - ASSA". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 30 Bealtaine 2019. Dáta rochtana: 27 Feabhra 2021.
  12. Fundacion IDEAS website Curtha i gcartlann 15 Samhain 2011 ar an Wayback Machine, fundacionideas.es; accessed 13 March 2015. (es)
  13. "PETTIT, Philip Noel".
  14. See "Republican Criminology and Victim Advocacy: Comment" for an article concerning the book in Law and Society Review, Vol. 28, No. 4 (1994), pp. 765–776.