Peter Brian Medawar

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Míoleolaí a rugadh i Rio de Janeiro na Brasaíle ab ea Peter Brian Medawar (1915-1987). D'oibrigh sé sa Bhreatain ar feadh a shaolré. Thaispeáin sé gur diúltú imdhíonach a bhí i gceist nuair a theip ar nódú craicinn. Agus an taighde seo ar siúl aige i gcomhar le Macfarlane Burnet, thaispeáin sé, dá n-insteallfaí fíochán ó dheontóir i bhféatas sa bhroinn go nglacfadh colainn an pháiste sin le nódú nó ionchlannú ón deontóir sin tar éis a bhreithe. Roinn an bheirt Duais Nobel sa bhfiseolaíocht/míochaine i 1960 as seo. D'fhoilsigh sé leabhair shuntasacha freisin, The Uniqueness of the Individual (Sainiúlacht an Duine Aonair, 1957), The Art of the Soluble (1967, Ealaín na hInréiteachta) agus Pluto's Republic (1982, Poblacht Plútóin).