Peirsil bhó

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Planda téagartha débhliantúil nó ilbhliantúil a fhásann 3 m ar airde, dúchasach do réigiúin mheasartha an tSeandomhain. Na duilleoga, suas le 30 cm ar fhad, roinnte i dteascáin ubhchruthacha nó lansachruthacha, go minic maothánach nó fiaclach. Na bláthanna bán nó bándearg, in umbail 5-15 cm ar leithead. An toradh leata eiteach.