Peadar Bairéad
Cuma
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | Iorras, Éire |
Bás | 2019 |
Gníomhaíocht | |
Gairm | file |
File agus iriseoir Gaeilge ab ea Peadar Bairéad. Rugadh é in Iorras in iarthuaisceart Chontae Maigh Eo agus bhí cónaí air i gCill Chainnigh sula bhfuair sé bás sa bhliain 2019.
Scríobh sé altanna agus dánta ó na 1950í i leith. D'fhoilsigh sé filíocht sna foilseacháin a leanas: Feasta, Comhar , An Sagart, An Timire, Anois, Scéala Éireann agus an Kilkenny People.[1] Is iomaí alt a bhí scríofa aige don Kilkenny People mar cholúnaí, agus bhí sé ina léirmheastóir freisin.[2]
Tá dhá chnuasach filíochta foilsithe aige: Duilleoga Fómhair (Oidhreacht Iorrais 1988) agus Fataí Rómhair (Clóchomhara 2000, ISBN 0-903758-79-2).
Nótaí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Litríocht: http://www.litriocht.com/shop/product_info.php?products_id=2517#.VpLq2bZ94rg Curtha i gcartlann 2016-03-05 ar an Wayback Machine
- ↑ Féach, mar shampla, An tUltach, Samhain 2015.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |