Patrick Swayze

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Patrick Swayze
Patrick Swayze 1989.jpg
Ainm breithe Patrick Wayne Swayze
Breith 18 Lúnasa, 1952
Bás 14 Meán Fómhair, 2009
Náisiúntacht Meiriceánach
Gairm Aisteoir, damhsóir
Céile Lisa Niemi

Aisteoir, damhsóir agus cumadóir ceoil ab ea Patrick Wayne Swayze, a rugadh ar an 18 Lúnasa, 1952 i Houston, Texas agus a fuair bás ar an 14 Meán Fómhair, 2009. Damhsóir bailé a bhí ann, sular bhain sé cáil domhanda amach le páirteanna sna scannáin móra Dirty Dancing agus Ghost, agus mar Orry Main sa tsraith Mheiriceánach North and South. Bhí sé breoite le tamall le h-ailse sa phaincréas. Bhí sé pósta leis an aisteoir Meiriceánach Lisa Niemi, ach ní raibh aon pháistí acu.

Tar éis an t-iomrá mór a bhain sé amach leis na mór-scannáin seo, ní raibh sé a dhéanamh amhlaidh ina chuid oibre as seo amach. B'ábhar frustrachais é seo dó go dtí deireadh a shaoil.