Ourense (cúige)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Suíomh

Is cúige í Ourense atá suite in iarthuaisceart na Spáinne, in oirdhesiceart comhphobal féinrialaitheach na Ghailís. Tá teorainn aige leis an gcúige Pontevedra san iarthar, Lugo sa tuaisceart, León agus Zamora san oirthear, agus leis an bPortaingéil ó dheas. Le achar 7,278 km² is é an t-aon cúige talamhiata sa Gháilís.

Is í Ourense, príomhchathair an chúige, an t-aon áit lárnach le dlúth daoine; tá cónaí ar formhór muintir na háite faoin dtuath.

Tá cónaí ar 343,768 ann, le 30% dóibh sa phríomhchathair. Tá 92 contae sa chúige, chomh maith le Ourense is iad Verín, Ribadavia, Allariz, A Rua, Carballiño, Viana do Bolo, agus Xinzo de Limia bailte tábhachtacha na háite.

Tá Ourense timpeallaithe ag sléibhte, agus dá bharr sin tá an cúige leithlisíthe i gcomparáid leis an gcósta dlúth doanrach agus talamh torthúil sa chuid eile den chomhphobal. San am a d'imigh romhainn bhí sé chomh iargúlta sin nach raibh slí taistil amach as an gcúige seachas taisteal ar traein go dtí gur tógadh mótarbhealach nua-aimseartha le déanaí. Fiú ar an teorann aneas leis an bPortaingéil, scarann na sléibhte na dhá chúltúr.


Tagairtí[athraigh | edit source]