Ouagadougou
Is í Ouagadougou (AIF: /ˌwɑgəˈduːguː/, Mossi AIF: [wɑgədəgə]) príomhchathair Buircíne Fasó. Lárionad riaracháin, cumarsáide, cultúrtha agus eacnamaíochta na tíre is ea í, agus is í an chathair is mó sa tír í chomh maith. Áiríodh daonra 1,181,702 (2006). Tugtar Ouaga uirthi mar ghiorrúchán go minic.
Cumadh an t-ainm Ouagadougou sa chúigiú haois déag nuair a bhí treabhanna Yonyonse agus Ninsi lonnaithe sa cheantar. Bhídís in aighneas le chéile de shíor go dtí an bhliain 1441 nuair a bhuaigh Wobri, laoch de chuid na Yonyonse ar an dream eile. Ba é sin a thug "Wogodogo", a chiallaíonn "an áit ina dtugtar onóir agus urram do dhaoine" ar an gceantar. Tá ainm an lae inniu bunaithe ar litriú na Fraincise atá coitianta in iarchóilíneachtaí na Fraince.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.