Oibreán Flannbhuí

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Comhdhúil CheimiceachOibreán Flannbhuí
Substaint cheimiceachdídhuilleán agus meascán
Mais mhóilíneach588.022077 Da
RólDefoliants, Chemical (en) Aistrigh
Struchtúr ceimiceach
Foirmle cheimiceachC₂₄H₂₇Cl₅O₆
SMILES canónta
Model 2D
CCCCOC(=O)COC1=C(C=C(C=C1)Cl)Cl.CCCCOC(=O)COC1=CC(=C(C=C1Cl)Cl)Cl
InChIModel 3D

Is luibhicíd é oibreán flannbhuí a d'úsáid na Briotanaigh sa Mhalaeisia, agus na Meiriceánaigh i Vítneam chun duilleoga a bhaint de na foraoisí i gcogaíocht dufaire. Ach tá sé fíorthocsaineach do dhaoine de bhrí go bhfuil beagán déocsaíne ann, rud is cúis le bristí géara craicinn, míchumaí beirthe agus ailsí i ndaoine is ainmhithe eile a thagann i dteagmháil leis. Tugadh an t-ainm seo air de bhrí gur i mbairillí le fáinní flannbhuí orthu a d'iompair na Meiriceánaigh é go Vítneam. I 1962-1970 spréigh siad na milliúin bairillí trasna na tíre sin. Meastar gur nochtadh níos mó ná 3 mhilliún Vítneamach don truailleán tocsaineach, agus fíordhrochshláinte is neamhoird ar níos mó ná milliún anois dá bharr.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Oibreán Flannbhuí". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 492.