Nokia (cathair)
| Nokia Nokian kaupunki |
|
| Rialtas | |
| Tír: | |
| Cúige: | Cúige na Fionlainne Thiar |
| Méara: | Markku Rahikkala |
| Déimeagrafaic | |
| Achar: | 347.77 km² |
| Daonra: | 30,524 |
| Dlús daonra: | 105.9/km² |
| Teangacha oifigiúla: | Fionlainnis |
| www.nokiankaupunki.fi | |
Tá Nokia (go dtí an bhliain 1938 Pohjois-Pirkkala nó Pirkkala Thuaidh) suite i gCúige na Fionlainne Thiar, in aice le Tampere. Sa bhliain 2007, comhaireadh daonra 29,848 duine san áit, agus tá sí 347.8 ciliméadar cearnacha ar achar. Bunaíodh Pohjois-Pirkkala mar bhardas ar leith sa bhliain 1922, nuair a scoilteadh an seanpharóiste úd Pirkkala ina dhá leath, Pohjois-Pirkkala (Pirkkala Thuaidh) agus Etelä-Pirkkala (Pirkkala Theas), agus Loch Pyhäjärvi mar theorainn eatarthu - san am sin, teorainn nádúrtha a bhí ann, ó nach raibh droichead ná mórán caidrimh thar an loch. Sa bhliain 1938, hathainmníodh Pohjois-Pirkkala mar Nokia, agus baisteadh ainm an tseanpharóiste, Pirkkala, ar Etelä-Pirkkala.
De réir na seanteoirice, is é is ciall leis an bhfocal nokia ná "sáible" (Martes zibellina, nó sable as Béarla), is é sin, cineál ainmhí creiche atá cosúil leis an gcat crainn. I bhFionlainnis an lae inniu, áfach, úsáidtear an focal soopeli, a tháinig as an bhfoinse chéanna is an focal Béarla agus an téarma Gaeilge. Is beag Fionlannach inniu a shamhlaíonn sáible nó cat crainn leis an ainm sin Nokia, cé go bhfuil pictiúr an ainmhí ar armas na cathrach. Ní hé sin an t-aon teoiric atá ann, áfach. Deir na bitheolaithe inniu nach raibh sáiblí le fáil go nádúrtha i ndúlra na Fionlainne riamh, agus iad ag tabhairt le fios gurbh é an béabhar a bhí i gceist le nokia.
Sna 1970idí, cuireadh an dá pharóiste Tottijärvi agus Suoniemi le Nokia.
Naisc sheachtracha[athraigh]
|
|
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |