Morelos

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Morelos
Armas stát Morelos
An chearnóg (zócalo) i Jiutepec, i Morelos

Is ceann de na 31 stát de chuid Mheicsiceo é Morelos, agus é suite i lár na tíre. Is é Cuernavaca an phríomhchathair agus is é Cuernavaca an chathair is mó. Is é Morelos an dara stát is lú i Meicsiceo ó thaobh achair de, agus é beagán níos lú ná Tlaxcala. Bhí 1,819,892 duine ina gcónaí ann sa bhliain 2012.

Stair[athraigh | edit source]

Cuid de stát Meicsiceo ab ea Morelos go dtí 1869, bliain inar fhógair Benito Juárez stát Morelos in onóir José María Morelos y Pavón, an té a chosain an chathair Cuautla i gcoinne fórsaí ríoga na Spáinne le linn Cogadh an Neamhspleáchais.

Geilleagar[athraigh | edit source]

Tá Morelos beagán níos boichte ná an meán i measc stát na tíre. Saothraítear barra éagsúla ann.


Flag of Mexico.png Stáit agus Réigiúin Mheicsiceo Flag of Mexico.png

Na 31 Stát agus an Ceantar Cónaidhme
Aguascalientes . Baja California . Baja California Sur . Campeche . Chiapas . Chihuahua . Coahuila . Colima · Durango · Guanajuato · Guerrero · Hidalgo · Jalisco · México · Michoacán · Morelos · Nayarit · Nuevo León · Oaxaca · Puebla · Querétaro · Quintana Roo · San Luis Potosí · Sinaloa · Sonora · Tabasco · Tamaulipas · Tlaxcala · Veracruz · Yucatán · Zacatecas