Jalisco

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Suíomh an stáit.

Ceann de stáit Mheicsiceo atá i Jalisco, nó Saorstát Flaithiúnais Jalisco (Spáinnis: Estado Libre y Soberano de Jalisco). Tá an stát seo suite ar chósta thiar Mheicsiceo, chois an Aigéin Chiúin, agus é ag críochantacht le hAguascalientes, Zacatecas, San Luis Potosí, Nayarit, Guanajuato, Michoacán, agus Colima. Is í Guadalajara príomhchathair an stáit, agus is é an ceantar timpeall Guadalajara an dara ceantar uirbeach is mó i Meicsiceo - is é an ceantar timpeall na príomhchathrach an ceann is mó, ar ndóigh.

Fuair an stát a ainm ó na hAstacaigh. Is é is brí leis ina dteanga siúd ná "machaire gainimh" (xalli-ixtli-co: xalli = gaineamh, ixtli = aghaidh, -co = áit).

Deirtear gurb as Jalisco a tháinig dhá ghné thábhachtacha de chultúr Mheicsiceo - an tequila agus an mariachi. Is éard atá i gceist leis an tequila ná deoch láidir alcólach a dhriogtar as sú coipthe (pulque) an chineál agáibhe ghoirm (Agave tequilana) a bhíonn ag fás go flúirseach in ithir bholcánach Jalisco. Fuair an deoch a hainm ó chathair Tequila i Jalisco. Maidir le mariachi, is éard atá i gceist leis ná banna ceoltóirí a sheinneann ceol bíoga bríomhar. Is féidir banna mariachi a fháil ar cíos le haghaidh fleánna agus féastaí, agus bíonn na ceoltóirí seo in ann amhráin a chanadh freisin. Is iad na hionstraimí is minice a bhíonn acu ná trumpaí, veidhlíní agus giotáir éagsúla. Is iad an guitarrón (cineál dordghiotáir) agus an vihuela (giotár ardairde a bhfuil cúig théad ann) a dhéanann mariachi den bhanna ceoil.

Is í an Spáinnis an teanga is mó a labhraítear. Níl teanga bhundúchasach ach ag 1 % de mhuintir an stáit. Is iad na teangacha is tábhachtaí acu seo ná an teanga Nahuatl - seanteanga na nAstacach arb í an teanga bhundúchasach is tábhachtaí i Meicsiceo inniu féin - an teanga Huichol - teanga a bhfuil lúb ghaoil aici leis an teanga Nahuatl - agus an teanga Purepecha, nach bhfuil gaolta ar bith aici.

Daoine cáiliúla ó Jalisco iad an scríbhneoir Juan Rulfo agus an ceoltóir Pedro Dimas atá ag iarraidh stíl cheoltóireachta na bPurepecha a chaomhnú agus a chraobhscaoileadh. Rugadh Dimas féin i mbaile beag iargúlta nach raibh ach an teanga Purepecha le cloisteáil ansin, agus bhí an cheoltóireacht i ndúchas a mhuintire.


Flag of Mexico.png Stáit agus Réigiúin na Meicsiceo Flag of Mexico.png

Na 32 Stáit
Aguascalientes . Baja California . Baja California Sur . Campeche . Chiapas . Chihuahua . Coahuila . Colima · Durango · Guanajuato · Guerrero · Hidalgo · Jalisco · México · Michoacán · Morelos · Nayarit · Nuevo León · Oaxaca · Puebla · Querétaro · Quintana Roo · San Luis Potosí · Sinaloa · Sonora · Tabasco · Tamaulipas · Tlaxcala · Veracruz · Yucatán · Zacatecas