Moráltacht

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Íomhá:An illustration of Moral foundations Theory created by Aprilia Muktirina.jpg

Ar leibhéal bunúsach, deirtear uaireanta go mbaineann an mhoráltacht le ceart agus mícheart, le maith agus olc nó le maitheas agus olcas.  Mar sin is leis na bearta a dhéanann duine a bhaineann an mhoráltacht. Ach chun a bheith morálta dá bhrí sin, caithfear a mheas cad tá maith/ceart agus gníomhú ar an mbreithiúnas sin. Tá tionchar ar ár mbearta ag an tuiscint atá againn ar cad is moráltacht ann.[1]

Is é is brí le bheith morálta mar sin ná an rud ceart/maith a aithint agus feidhmiú de réir an bhreithiúnais seo. Is iomaí ní a imríonn tionchar ar an duine agus é ag teacht ar bhreithiúnas.[2] Tá cuid acu sin, is dócha, uilí go maith. Bíonn breithiúnas an-chuid daoine, mar shampla, faoi cad is maith agus olc ann faoi anáil dhlí na tíre. Ar na tionchair eile tá: tionchar an chultúir ina maireann an duine, an teaghlach inar tógadh é, a chuid oideachais, cúrsaí creidimh agus eachtraí suaithinseacha a shaoil. Tharlódh, mar shampla, go measfadh duine rud áirithe a bheith mícheart amach is amach ní hamháin toisc é a bheith mícheart i súile an dlí, i súile thraidisiún a theaghlaigh, a chultúir agus a chreidimh ach toisc chomh maith gur tharla rud éigin dó féin

Aibíocht na moráltachta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Baineann aibíocht na moráltachta le tuiscint an duine ar a chuid roghanna agus a chuid gníomhartha – ina leith féin agus i leith daoine eile. Bíonn tuiscint ag an duine atá aibí i dtéarmaí moráltachta ar a fhreagracht ina leith féin agus i leith na ndreamanna a bhfuil baint aige leo.[3]

Is mó an tionchar ar an moráltacht a bhíonn ag cúrsaí intreacha (e.g. tuairimí pearsanta, creideamh reiligiúnach, agus an tábhacht a bhaineann le caidreamh le Dia agus le daoine eile) seachas ag cúrsaí seachtracha (e.g. luach saothair/pionós nó moladh/cáineadh).

Is mó gur mothálacht mhorálta seachas rialacha a chomhlíonadh atá i gceist sa mhoráltacht – “Cén bealach is fearr atá ann dom chun maireachtáil sa saol seo, agus caidreamh a dhéanamh le daoine eile?”

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Mater Dei (2007). "Clár 'Briathar'". web.archive.org. Dáta rochtana: 2021-10-20.
  2. Mater Dei, Clár Briathar, (2007). "Ábhar don Mhúinteoir 1. Bun-eolas faoin Moráltacht". web.archive.org. Dáta rochtana: 2022-05-04.
  3. Mater Dei (2007). "Clár Briathar". web.archive.org. Dáta rochtana: 2021-11-19.