Michel DeGraff

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaMichel DeGraff

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
BreithHáítí Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Pennsylvania - ríomheolaíocht (–1992)
Coláiste Cathrach Nua-Eabhrac - ríomheolaíocht Cuir in eagar ar Wikidata
Comhairleoir dochtúireachtaMitchell Marcus
Gníomhaíocht
Réimse oibreCrióilistic
Gairmcriólaí, eolaí ríomhaireachta, múinteoir, teangeolaí Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirInstitiúid Teicneolaíochta Massachusetts, ollamh (1996–) Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Fhraincis, Criól Háítí agus Béarla

Facebook: michel.degraff Twitter: MichelDeGraff LinkedIn: michel-degraff-a7597287 Cuir in eagar ar Wikidata

Is teangeolaí Háítíoch agus saineolaí ar theangacha crióil é Michel Frederic DeGraff.[1] Tá sé ina ollamh le teangeolaíocht in Institiúid Teicneolaíochta Massachusetts,[2] stiúrthóir ar an Tionscnamh MIT-Haiti, agus ina bhall de bhord eagarthóireachta an Journal of Haitian Studies.[2] Tá sé ar dhuine de bhunaitheoirí Acadamh Chriól Háítí chomh maith.[3] Sa bhliain 2022, toghadh é mar chomhalta de Chumann Teangeolaíochta Mheiriceá, an gradam is airde sa réimse acadúil.[4] Tá clú agus cáil air as a chuid taighde a thacaíonn leis an dearcadh gur teanga lánfhorbartha é Criól Háítí.[2] Sa bhliain 2012, fuair sé deontas $1 milliún ón bhFondúireacht Eolaíochta Náisiúnta (SAM) chun ábhar ar líne i gCriól Háítí a thabhairt isteach i múinteoireacht ETIM[5] i Háití.[2] Creideann sé gur chóir leanaí Haitíocha a mhúineadh ina dteanga dhúchais ag gach leibhéal oideachais, dearcadh a thagann salach ar an traidisiún seanbhunaithe sa tír, is é sin múinteoireacht trí mheán na Fraincise, teanga iasachta don chuid is mó acu.[6]

Luathshaol[cuir in eagar | athraigh foinse]

D'fhás sé aníos i dteaghlach meánaicmeach i Háítí, agus d'fhreastail sé ar scoil trí mheán na Fraincise. Deir sé go mothaíodh sé go minic go raibh an Fhraincis ina bac air, cé gur dhalta den chéad scoth é, toisc gur cúis le coimpléacs ísleachta í nuair nach labhraítear go maith í.[6] Chreid sé gur labhair sé “teanga go leith”, agus gurbh é Criól an leath-theanga cé gurbh é sin a theanga dhúchais.[6] Is cuimhin leis nach n-úsáidtí an Fhraincis ar an bpáirc shacair ná chun scéal grinn a insint, d'ainneoin gur cuireadh dualgas air an teanga sin a úsáid sa bhaile agus sa seomra ranga.[6]

Oideachas[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá PhD sa ríomheolaíocht ag an Dr. DeGraff ó Ollscoil Pennsylvania.[7] Sular bhain sé PhD amach, rinne sé staidéar ar ríomheolaíocht ag Coláiste Cathrach Nua-Eabhrac.[7] D’fhorbair sé suim sa teangeolaíocht le linn intéirneachta ag Bell Labs i Nua-Gheirsí in 1985.[7]

Obair i Háití[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá an Dr. DeGraff ag obair faoi láthair chun áiseanna teicneolaíochta i gCriól Háítí a thabhairt isteach i Scoil Matènwa in La Gonâve. Moltar do na páistí Google Translate a úsáid chun ábhar i dteangacha eile ar an nGréasán a léamh. Leis an deontas ón bhFondúireacht Náisiúnta Eolaíochta, tá sé ag baint úsáide as cluichí ríomhaireachta i gCriól chun scileanna matamaitice a mhúineadh dóibh freisin.[6]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Mercéus, Bertrand: “Les 33 académiciens du créole haïtien investis dans leur fonction”. Le NOuvelliste (4 Nollaig 2014). Dáta rochtana: 22 Meitheamh 2016.
  2. 2.0 2.1 2.2 2.3 Zéphir, Flore (Fómhar 2012). "Creolist Michel Degraff: A profile of Commitment, Advocacy, Excellence and Hope". Journal of Haitian Studies 18 (2). 
  3. Michel DeGraff named charter member of the Haitian Creole Academy”. Whamit! (15 Nollaig 2014). Dáta rochtana: 2015-11-02.
  4. "Professor Michel DeGraff named a fellow of the Linguistics Society of America". MIT News (2022-10-13). Dáta rochtana: 2024-04-08.
  5. Eolaíocht, Teicneolaíocht, Innealtóireacht agus Matamaitic
  6. 6.0 6.1 6.2 6.3 6.4 Ulysse, Katia (11 Lúnasa 2011). “Michel Degraff: Our Word is Our Bond”. Voices from Haïti. Dáta rochtana: 17 Márta 2015.
  7. 7.0 7.1 7.2 Dizikes, Peter. “A Champion of Creole”. MIT. Dáta rochtana: 5 Eanáir 2015.