MayKay

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaMayKay

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(ga) Mary-Kate Geraghty
1986
37/38 bliana d'aois
Cill Dara, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmamhránaí Cuir in eagar ar Wikidata
UirlisCeol gutha

Musicbrainz: caf54864-ae43-41a8-9bae-a6808e09d152 Discogs: 7659640 Cuir in eagar ar Wikidata

Is ceoltóir Éireannach í Mary-Kate Geraghty[1]—ar a dtugtar MayKay—agus tá cáil uirthi mar phríomhamhránaí Fight Like Apes, banna ceoil lena bhfuil sí i ndiaidh go leor taifid a scaoileadh agus ainmnithe le haghaidh roinnt gradam. Déanann sí léirithe ina aonair mar DJ freisin. Chomh maith le seo, rinne sí agus Duke Special léiriú ceoil ag ócáid ag an gCeoláras Náisiúnta ar 1 Iúil 2010.

Rinne Nadine O'Regan ó The Sunday Business Post cur síos uirthi mar "easily one of the best – and most mesmerising – front women Ireland has delivered in recent times" agus le "an air of unpredictability that means crowds will crane their necks to make sure they see as well as hear her".[2] Rinne láithreoir Today FM Alison Curtis cur síos uirthi mar "extremely watchable, almost going into Debbie Harry territory".[3] Mhol Lauren Murphy de entertainment.ie an cumas canadh atá ag MayKay, rud atá "pastoral as well as blow-your-eardrums-out cacophony" ar an rian "Snore Bore Whore".[4] Rinne The Munster Express cur síos ar MayKay mar a bheith ar a "breathy vampish best" ar an rian céanna.[5] 

As Contae Chill dara ó dhúchas í MayKay,[fíoras?] a rugadh i 1986. Is iníon an iriseoir Kathy Sheridan í.[2]

Bhí sí ina hamhránaí cór le haghaidh roinnt ama. Bhuail sí lena cóbhall banna Jamie (ar a dtugtar "Pockets") nuair a bhí an bheirt acu ar saoire sa Spáinn le linn a ndéagóirí.[2] Labhair sí ar an uair a bhuail siad le chéile i 2007 in agallamh le hEamon Sweeney ón Irish Independent: "One night, I told Jamie I loved singing, so he made me sign a contract on a piece of tissue in a bar saying that I would never do anything musically without him".[2] Rinne sí staidéar ar cheimic míochaine agus ansin ar fhealsúnacht i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath. Mar sin féin, d'imigh sí as an gcoláiste nuair a thosaigh Fight Like Apes ag éirí níos cáiliúla.[2]

Ar an stáitse caitheann MayKay gúnaí dubha nó bán de ghnáth agus tá aithne uirthi le haghaidh a "long black hair and banshee wail"[2]. Seinneann sí an méarchlár lena ceann go minic le linn léirithe beo. Ó 2017, is ball í den banna ceoil Le Galaxie.[fíoras?]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "monkey business - Independent.ie" (en). Independent.ie. Dáta rochtana: 2018-08-09.
  2. 2.0 2.1 2.2 2.3 2.4 2.5 "Fight Like Apes SBP interview | Tut. Sulk. Tut." (2014-05-04). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2014-05-04. Dáta rochtana: 2018-08-09.
  3. "Show time" (en-US). The Irish Times. Dáta rochtana: 2018-08-09.
  4. Entertainment.ie. "Fight Like Apes - David Carradine Is A Bounty Hunter Whos Robotic Arm Hates Your Crotch". entertainment.ie. Dáta rochtana: 2018-08-09.
  5. "Manic ‘Easter' Monday". Munster Express Online. Dáta rochtana: 2018-08-09.