Mary Banotti

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaMary Banotti
Beathaisnéis
Breith29 Bealtaine 1939
Baile Átha Cliath, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás10 Bealtaine 2024
84 bliana d'aois
Feisire de Pharlaimint na hEorpa
Ina hionadaí do: Fine Gael

20 Iúil 1999 – 20 Iúil 2004
Téarma parlaiminte: Cúigiú Parlaimint na hEorpa


Feisire de Pharlaimint na hEorpa
Ina hionadaí do: Fine Gael

19 Iúil 1994 – 19 Iúil 1999
Téarma parlaiminte: Ceathrú Parlaimint na hEorpa


Feisire de Pharlaimint na hEorpa
Ina hionadaí do: Fine Gael

25 Iúil 1989 – 18 Iúil 1994
Téarma parlaiminte: Tríú Parlaimint na hEorpa


Feisire de Pharlaimint na hEorpa
Ina hionadaí do: Fine Gael

24 Iúil 1984 – 24 Iúil 1989
Téarma parlaiminte: Dara Parlaimint na hEorpa


Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Chathair Bhaile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga dhúchaisBéarla
Gníomhaíocht
Suíomh oibre Strasbourg
An Bhruiséil Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmaltra, polaiteoir Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaFine Gael Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla

Iar-fheisire Eorpach de chuid Fhine Gael ba ea Mary Banotti (26 Bealtaine 1939 – 10 Bealtaine 2024).[1]

1995

Gairm[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba i gCluain Tairbh i gceantar thuaisceart chathair Bhaile Átha Cliath a rugadh Mary Banotti. Seanuncail dá cuid ab ea an réabhlóidí clúiteach, Michael Collins a maraíodh le linn Chogadh na gCarad. B'as iarthar Chorcaí ó dhúchas máthair Mary, Kitty Collins, agus ba neacht mhór í le Micheál Ó Coileáin.

Bhí Mary ar dhuine de sheisear clainne, cúigear deirfiúracha agus deartháir amháin. Deirfiúr léi ba ea an t-iar Aire Dlí is Cirt, Nora Owen.

Bhí Mary sé bliana déag d'aois nuair a cailleadh a hathair. Fostaí de chuid an bhainc ba ea é, agus d'fhág a hathair pinsean beag ag a máthair. Múinteoir eolaíochta baile a bhí inti agus bhí sí in ann dul ar ais ag obair i gColáiste na Lónadóireachta, Sráid Chathail Brugha.

D'fhreastail Nora ar an gClochar Doiminiceach i gContae Chill Mhantáin.

Banaltra a bhí inti agus d'oibrigh sí timpeall an domhain (Londain, Nua Eabhrac, Céinia agus an Róimh) sula ndeachaigh sí go Parlaimint na hEorpa i 1984 mar fheisire do Fhine Gael ó thoghlach Bhaile Átha Cliath. Chaith sí 20 bliain mar fheisire.

Rith sí i dtoghchán na hUachtaránachta i 1997, ní raibh chun tosaigh uirthi ag deireadh an rása ach an té a toghadh, Máire Mhic Ghiolla Íosa (Fianna Fáil).

Bhí aithne mhaith ar Mary Banotti le beagnach 50 bliain mar gur mhinic í le cloisteáil ar an raidió agus teilifís ag caint ar cheisteanna sóisialta.

Fuair Banotti bás ar an 10 Bealtaine 2024. Bhí sí 84.[1]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 Nuacht RTÉ (2024-05-11). "An tIar Fheisire Eorpach Mary Banotti tar éis bháis" (as ga).