Martin Lewis Perl

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Fisicí a rugadh i mBrooklyn, Nua-Eabhrac is ea Martin Lewis Perl (1927-). Rinne sé taighde ar cháithníní bunúsacha, agus bhraith an tó-leaptón, atá gearrshaolach is an-trom i gcomparáid leis an leictreon, ceann de bhuncháithníní na Cruinne. Mar gheall ar an saothar seo, bhuaigh sé Duais Nobel sa bhfisic i 1995 le Frederick Reines.