Mairéag Ní Chonchúir Fhailí

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaMairéag Ní Chonchúir Fhailí

Tugann an banuasal Mairéag Ní Chonchúir Fhailí (fl. 1553) léargas ar an lámh a bhí ag mná i gcúrsaí polaitíochta agus sóisialta in Éirinn sa 16ú haois. D’éirigh léi dul i ndáil chomhairle le Banríon Shasana ar son a hathar agus é de bhuntáiste aici go raibh cairde gaoil aici i Sasana agus (rud nár ghnách le huaisle de shliocht na nGael) go raibh eolas aici ar an mBéarla.

B’iníon le Brian mac Chathaoir Uí Chonchúir Fhailí í Mairéag. Bhí a hathair ar na tiarnaí a thacaigh le Tomás Mac Gearailt (Tomás an tSíoda) tar éis dó éirí amach i gcoinne Anraí VIII Shasana. Ordaíodh d’athair Thomáis, Gearóid Mac Gearailt, Fear Ionaid na hÉireann, teacht chun Londan, agus chuala Tomás gur básaíodh Gearóid agus go leanfadh Tomás féin é. Chun teacht roimhe seo chuaigh Tomás go Baile Átha Cliath agus céad is daichead marcach leis a raibh frainse síoda ar a gclogaid, rud a d’fhág “Tomás an tSíoda” air mar leasainm. Theip air caisleán Bhaile Átha Cliath a ghabháil in 1534 ach lean sé air ag troid. Ghéill sé faoi dheireadh nuair a gealladh trócaire dó, ach básaíodh é féin agus cúigear uncailí leis ag Tyburn in 1537.[1]

Ciontaíodh Brian i dtréas ach tugadh pardún dó agus rinneadh Barún Uíbh Fhailí de in 1538.[1] Mar sin féin, deir na hAnnála gurbh éigean dá iníon Mairéag dul go Sasana in 1553 chun Brian a iarraidh ar an mBanríon Máire I agus gur fágadh bránna (i.e. gialla) eile ina áit.

Iníon Uí Chonchúir Fhailí, Mairéag, do dhul i Sacsaibh, as ucht a cairdeasa agus a gaoil thoir, agus as ucht a Béarla, a d'iarraidh a hathar ar an mbanríon Queen Maria, agus iar ndul di faoina grásaibh fuair a hathair agus thug léi i nÉirinn é, agus do radadh brá eile as don Iúistís agus don Chomhairle .i. Ruairí Ó Conchúir, sinsear a clainne féin go mbránnna eile maille leis.[2]

Fuair Brian bás in 1556. Ní fios cén uair a cailleadh Mairéag.

B'fhéidir gur dheirfiúr léi an Eilís Ní Chonchúir Fhailí sin a phós Brian Mac Giolla Phádraig,[3] 1ú Barún Uachtar Osraí, fear a d’oibrigh go glic faoi scáth Shasana: luaitear sna hAnnála “dhá mhac óg iníon Uí Chonchúir Fhailí” ar mharaigh Domhnall Ó Maolmhuaidh iad.[4]

Nótaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 History Files: https://www.historyfiles.co.uk/KingListsBritain/GaelsUiFailghe.htm
  2. CELT: The Corpus of Electronic Texts: Annála na gCeithre Máistrí, M1553.8: https://celt.ucc.ie/published/G100005E/index.html. Leasú beag déanta ar an litriú.
  3. Diarmuid Wheeler, "'It is easier to forgive an enemy than to forgive a friend,': Barnaby FitzPatrick and Gaelic Collaboration with the Tudor crown c.1535-1581," Cumann Oidhreachta Laoise: http://laoisheritagesociety.org/it-is-easier-to-forgive-an-enemy-than-to-forgive-a-friend-barnaby-fitzpatrick-and-gaelic-collaboration-with-the-tudor-crown-c-1535-1581-by-diarmuid-wheeler/ Curtha i gcartlann 2020-02-20 ar an Wayback Machine
  4. CELT: The Corpus of Electronic Texts: Annála na gCeithre Máistrí, M1581.5: https://celt.ucc.ie/published/G100005E/index.html.