Caisleán Bhaile Átha Cliath

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
Caisleán Bhaile Átha Cliath
Íomhá
Sonraí
CineálCaisleán
Foirgníocht1204 Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh geografach
Limistéar riaracháinBaile Átha Cliath, Éire
Map
 53°20′35″N 6°16′03″W / 53.343109°N 6.267394°W / 53.343109; -6.267394
Gníomhaíocht
ÚinéirRialtais na hÉireann
Suíomh gréasáin oifigiúildublincastle.ie

Foirgneamh stairiúil i mBaile Átha Cliath, Poblacht na hÉireann é Caisleán Bhaile Átha Cliath.

Caisleán Bhaile Átha Cliath.
An séipéal

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tógadh an Caisleán faoi údarás Rí Shasana Seán sa bhliain 1204 mar ionad riaracháin agus mar stóras do chiste an Stáit.

Sa chéad chaisleán bhí ceithre thúr agus bhí croth dronuilleogach air sa bhliain 1684. Ach loiteach an chuid is mó den fhoirgneamh sin in ndóiteán sa bhliain sin--níl ach túr amháin fágtha.

Chapel Royal

Tógadh an chuid is mó den chaisleáin sa lá atá inniu ann san 18ú haois. Is anseo a bhí cónaí ar an Leasrí, ba é sin ionadaí Rí Shasana in Éirinn, go dtí 1782, nuair a thógadh áit chónaithe nua i bPáirc an Fhionnuisce, (Áras an Uachtaráin). Bhí údarás na Bhreataine in Éirinn suite ann suas go dtí 1922, agus b'é san áit seo a bhí ceanncheathrú na Sasanaigh agus iad ag troid i gcoinne na hÉireannaigh sa Chogadh Angla-Éireannach idir 1919 agus 1921.

1922[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ar an 16 Eanáir 1922, bunaíodh rialtas sealadach na hÉireann: tháinig deireadh le riarachán na Breataine ag Caisleán Bhaile Átha Cliath ag searmanas foirmiúil seachadta.

Inniu[cuir in eagar | athraigh foinse]

Nuair a tháinig Saorstát Éireann i bhfeidhm sa bhliain 1922, níor úsáideadh an caisleán i gcúrsaí rialtais as seo amach. Úsáidtear é sa lá atá inniu i dturasóireacht agus tionóltar cruinnithe anseo an t-am ar fad. Tá Oifig na Coimisinéirí Ioncaim lonnaithe ann freisin.

Sa bhliain 1986 rinneadh tocailt in gcúinne an chaisleáin mar go raibh uisce faoi thalamh ag teach isteach ó abhainn atá clúdaithe anois--an Poddle. Bhí sé ag déanamh dochar do bhun an fhoirgneamh. Is ansin a fuarthas Túr an Phúdar Gunna, tógtha sa bhliain 1226, agus sean-bhalla Lochlannach ón bhliain 933.

Leabhair[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Peter Costello: Dublin Castle, in the life of the Irish nation (as Béarla). Baile Átha Cliath: Wolfhound Press 1999, ISBN 0-86327-610-5
  • Rialtas na hÉireann: Dublin Castle: at the heart of Irish history (as Béarla). Baile Átha Cliath: Oifig an tSoláthair 2004, ISBN 0-77557-1975-1

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]