Mainistir Chill Rónáin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
Mainistir Chill Rónáin
Sonraí
CineálAbtheach
Suíomh geografach
Limistéar riaracháinContae Ros Comáin, Éire
Map
 54°03′31″N 8°09′14″W / 54.058657°N 8.153958°W / 54.058657; -8.153958

Mainistir i gContae Ros Comáin is ea Mainistir Chill Rónáin.

Deirtear gur tháinig Naomh Rónán agus a iníon Naomh Lasair ó Mhuineachán sa 6ú haois agus gur bhunaigh siad eaglais ar bhruach Loch Míolach. Thóg Fearghal Muimhneach Ó Duibhgeannáin an eaglais atá anois ann sa 14ú haois ach b’fhéidir go mbaineann an doras Rómhánach ar an taobh theas le heaglais eile a tógadh sa 12ú haois.

Annála na gCeithre Máistrí (1339):

Tempall Cille Ronain do dhenam la Ferghal Muimhneach Ua n-Duibhgennáin.[1]
(Teampall Chill Rónáin do dhéanamh le Fearghal Muimhneach Ó Duibhgeannáin.)

Thóg Fearghal an eaglais ag Tobar Lasrach, áit mhór oilithreachta. D’fhan sé féin agus a shliocht ann mar airchinnigh agus mar staraithe mhuintir Dhiarmada.[2]

Dódh an eaglais in 1340, mar a deir Annála Connacht:

Tempall Cilli Ronan do loscad in hoc anno.[3]
(Teampall Chill Rónáin do loscadh in hoc anno [i mbliana].)

Tógadh eaglais nua trí bliana ina dhiaidh sin agus tá binn di le feiceáil fós.

Bíonn pátrún ag an tobar Mí Mheán Fómhair agus Leac Rónáin mar cheann de na stáisiúin, leac mhór agus ceithre chos chloiche fúithi.

Nótaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Annála na gCeithre Máistrí, M1339.7: https://celt.ucc.ie/published/G100005C/index.html
  2. Duffy, Sean (eag.). Medieval Ireland: An Encyclopedia. Taylor & Francis, 2005, 2017: lch 36. ISBN 978-1-138-06224-5
  3. Annála Connacht, 1340.19: https://celt.ucc.ie/published/G100011/index.html