Mí-úsáid leanaí in Éirinn sa 20ú haois

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
neachtlann Mhaighdilíneach in Éirinn, i dtús na 20ú haoise

Bhí mí-úsáid leanaí in Éirinn coitianta sa 20ú haois, de réir na staitisticí a bhaineann leis na hinstitiúidí – na dílleachtlanna, na scoileanna saothair,[1] na hinstitiúidí eaglasta, na Tithe Máithreacha agus Leanaí, na Maigdiléinigh, srl. Nochtar scéalta chomh maith faoi mhí-úsáid sa mbaile: pionós corpartha do na buachaillí, mar shampla, agus ruaigeadh amach na gcailíní as an mbaile, chomh luath agus a fuair an mhuintir amach go rabhadar torrach.[2]

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Achtaíodh Acht na Leanaí, 1929[3] in Éirinn ar an 24 Iúil 1929.[4] Sna blianta ina dhiaidh sin, méadaíodh líon na leanaí a cuireadh i ngéibheann sna scoileanna saothair in Éirinn i lár an 20ú haois, trí leathnú a thabhairt isteach maidir leis an gcatagóir leanaí gurbh fhéidir a rá go raibh siad ar an anás, sa chaoi is gurbh fhéidir iad a chur isteach in áit dá leithéid sin.[5][6]

Tarraingíodh aird an phobail ar na scannail ag deireadh na haoise. Ba é States of Fear, clár de chuid RTÉ in 1999, is túisce a bhain creathadh asainn le scéalta faoi uafás na scoileanna saothair.[7]

Fiosrúcháin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí an iliomad ‘coimisiún’ agus ‘iniúchadh’ thar na blianta ann, a rinneadh ar mhí-úsáid ghnéis agus mí-úsáid fhisiciúil sna hinstitiúidí in Éirinn :

agus go leor eile thar na blianta.

Cúiteamh[cuir in eagar | athraigh foinse]

I gcás na scoileanna saothair, ar an 25 Iúil 2012, ritheadh an tAcht um an gCiste Reachtúil Foras Cónaithe 2012.[8] Bunaíodh Ciste, Caranua, chun cúiteamh a dhéanamh i mí Dheireadh Fómhair 2013, más mall is mithid.[9] Íocann an Ciste as seirbhísí (mar shampla sláinte, tithíochta agus oideachais agus seirbhísí eile) do dhaoine (cé acu atá siad in Éirinn nó atá siad ar an gcoigríoch).

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. na scoileanna ‘tionsclaíocha’ uaireanta
  2. "Cé mhéad cailín eile ar tharla an rud céanna di agus nach raibh in ann é a thuairisciú?" (ga-IE). Tuairisc.ie (2021-05-28). Dáta rochtana: 2024-05-13.
  3. 3.0 3.1 Tithe an Oireachtais (1928-06-06). "Díospóireachtaí ; Acht na Leanbhaí, 1929 – Uimh. 24 de 1929 – Tithe an Oireachtais" (ga). www.oireachtas.ie. Dáta rochtana: 2020-07-25.
  4. 4.0 4.1 Office of the Houses of the Oireachtas House Services Directorate Bills Office. "Téacsː ACHT NA LEANBHAÍ, 1929" (ga). www.achtanna.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-07-25. Dáta rochtana: 2020-07-25.
  5. An Scoil Dlí COBAC. "The Children Act, 1929" (ga). www.facebook.com. Dáta rochtana: 2020-07-25.
  6. Mairéad Ní Nuadháin (28 Bealtaine 2021). "Cé mhéad cailín eile ar tharla an rud céanna di agus nach raibh in ann é a thuairisciú?" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-05-11.
  7. Breandán M Mac Gearailt (21 Iúil 2016). "The Search – ceann de na cláracha is brónaí agus is cumhachtaí le fada" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-05-13.
  8. Tithe an Oireachtais (2012-04-13). "Téacs - An tAcht um an gCiste Reachtúil Foras Cónaithe, 2012 – Uimh. 35 de 2012 – Tithe an Oireachtais" (ga). www.oireachtas.ie. Dáta rochtana: 2020-07-25.
  9. Caranua. "What We Can Do" (en-GB). Dáta rochtana: 2020-07-25.