Méadailín (inchinn)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Na spáis taobh istigh den inchinn mar a dtáltar an sreabhán ceirbrispíonach (CSF). 4 cinn ann, fuilleach na coda bunúsaí cuasaí de néarfheadán an tsutha, agus faoina mbun, síneann an mheánchanáil isteach i gcorda an dromlaigh. Tá oscailtí sa chóras a ligeann don CSF sileadh isteach sa spás fo-aracnóideach. Má tharlaíonn bac do na hoscailtí seo, sáinníonn sé sin an CFS sna méadailíní, agus méadaíonn siad de réir a chéile (hiodracafalas).